An Aithin - Wikiwand
For faster navigation, this Iframe is preloading the Wikiwand page for An Aithin.

An Aithin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An Aithin
Αθήνα

Acrapail nó cathair ard na hAithine

37°58′ Thuaidh 23°43′ Thoir

Rialtas
Tír
An Ghréig
Réigiún Ataice
Méara Nikitas Kaklamanis
Déimeagrafaic
Achar 38.964 km²
Daonra 745,514 (2001)
Dlús daonra 19,133/km²
Airde 70 - 338 m
www.cityofathens.gr

Is í an Aithin, nó an Ataen (Gréigis: Αθήνα, Athína), príomhchathair na Gréige agus príomhbhaile réigiún na hAtaice. Baineann an ainm leis an mbandia Aitéiné, cosantóir na cathrach. Tá fréamhacha an daonlathais le fáil sa chathair seo ó Ré Órga na Sean-Gréige.

Tá 4.5 milliún duine ina gcónaí sa chathair faoi láthair, níos mó ná an tríú cuid de dhaonra na Gréige. Bhí na chéad Cluichí Oilimpeacha nua-aimseartha ar siúl sa chathair sa bhliain 1896 agus iad ar siúl ann den dara huair sa bhliain 2004.

Stair

An Partanón
An Partanón

Téann stair na cathrach siar go dtí an Chlochaois.[1] Bhí an Aithin ar na cathairstáit ba chumhachtaí i gcaitheamh Ré Órga na Sean-Gréige, idir na blianta 500 is 336 RCh. Ba í an Acrapail nó dún ard áit mhór na ndeasghnáth. Ba é an Partanón, teampall Ataene, an t-áras ba mhó sa chathairstát, agus dealbh Ataene a bhí timpeall ar 10 méadar ar airde in aice leis. Ba é Peiricléas ceannaire na hAithine nuair a bhí an chathair i mbuaic a réime.

Ainm

Meastar go bhfuil baint idir ainm na cathrach agus an bandia Aitéiné. An Àithne a deirtear i nGaeilge na hAlban, agus Yn Atheen i nGaeilge Mhanann.

Tagairtí

Naisc

{{bottomLinkPreText}} {{bottomLinkText}}
An Aithin
Listen to this article