An Ghréigis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Ghréigis (Ελληνικά, /eliniˈka/) an teanga Ind-Eorpach is sine dá maireann. Is féidir í a rianú siar go dtí an teanga a labhair cine a tháinig go dtí an Ghréig timpeall na bliana 2000 RCh. An dream sin a chuir cathair Mhicéanae ar bun agus tugtar na Micéanaigh orthu dá bhrí sin. Bhí na Micéanaigh i mbarr a réime go dtí timpeall 1100 RC nuair a tháinig meath orthu. Níl mórán eolais againn faoin teanga díreach i ndiaidh mheath na cathrach úd tar éis ionradh ón tuaisceart. Tá an ceithre chéad bliain ina dhiaidh sin doiléir. Pé scéal é, thosaigh na Gréagaigh ar aibítir a úsáid i rith na tréimhse sin. Scríobh siad a gcuid seanchais seachas é a chur ó bhéal go béal. Chum Hóiméar an Íliad agus an Odaisé, deirtear. Faoin am sin a thosaigh Ré Ársa na Sean-Ghréige.
ελληνική agus νέα ελληνικά | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 13,100,000 (2019) |
Dúchasach do | an Albáin, an Ghréig agus an Chipir |
Stáit | an Ghréig, an Chipir, an Astráil, an Albáin, an Airméin, an Ríocht Aontaithe, an Ghearmáin, an tSeoirsia, an Éigipt, Iosrael, an Iodáil, an Chasacstáin, Ceanada, an Rúis, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Tuirc, an Úcráin, an tSualainn, An Abcáis, an Asarbaiseáin agus an Rómáin |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Heilléanacha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | an aibítir Ghréagach |
Institiúid caighdeánaithe | Center for the Greek Language (en) |
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
Cóid | |
ISO 639-5 | grk |
Glottolog | gree1276 |
ASCL | 2201 |
IETF | grk |