An Leafcóis
príomhchathair na Cipire / From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an Leafcóis (mal. An Niocóis; ainm áitiúil: Lefkosia, Gréigis: Λευκωσία, Tuircis: Lefkoşa, Béarla: Nicosia) príomhchathair na Cipire, agus í ar an gcathair is mó sa tír freisin. Tá an Leafcóis suite i lár an oileáin chois Abhainn Pedieos ar mhachaire Mesaoria. Leis na blianta anuas tá an chathair roinnte idir an Chipir Theas agus an Chipir Thuaidh, an t-aon chathair ar domhan atá roinnte ag balla míleata. Déanann an chuid ó thuaidh den chathair gnó mar phríomhchathair do Phoblacht Thurcach na Cipire, stát a cuireadh ar bun nuair a rinne fórsaí na Tuirce ionradh ar an tír sa bhliain 1974. Ní thugann stát ar bith ach an Tuirc féin aitheantas don 'Phoblacht' sin, áfach
Fíricí Gasta Suíomh, Príomhchathair de ...
An Leafcóis | |||||
---|---|---|---|---|---|
Λευκωσία (el) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Chipir | ||||
District of Cyprus (en) | Nicosia District (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 330,000 (2015) | ||||
• Dlús | 6,462.98 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Nicosia District (en) | ||||
Achar dromchla | 51.06 km² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | Pedieos | ||||
Airde | 220 m | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Cód poist | 1010–1107 | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 22 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | nicosia.org.cy |
Dún
Tá cónaí ar timpeall 270,000 duine sa chuid Ghréagach den chathair.