Armáid na Spáinne
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ba í an Armáid (Spáinnis: La Grande y Felicísima Armada nó La Armada Invencible) an loingeas Spáinneach a rinne ar Shasana faoi cheannas Medina Sidonia sa bhliain 1588, chun Eilís I Shasana a threascairt agus cosc a chur ar Shasana baint don Ísiltír Spáinneach agus leanúint den fhoghlaíocht san Aigéan Atlantach agus san Aigéan Ciúin.
| |||||
Cineál | armada (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Cuid de | An Cogadh Angla-Spáinneach | ||||
Bailíocht | 25 Aibreán - Lúnasa 1588 | ||||
Suíomh | Muir nIocht | ||||
Tír | an Mhonarcacht Easpáinneach | ||||
Coinbhleacht | An Cogadh Angla-Spáinneach | ||||
Chuaigh an Armáid ar ancaire amach ó Gravelines, ach chuir longa dóiteáin na Sasanach an ruaig uirthi. Bhí cath ann. Agus dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis an Armáid teagmháil le fórsaí Spáinneacha san Ísiltír.
D’éirigh leis longa na hArmáide teacht le chéile arís agus dul ó thuaidh, cé go raibh longa Sasanacha á gcoinneáil i mbroid tamall suas cósta thoir Shasana.
Bheartaigh Medina Sidona gur chóir don Armáid filleadh abhaile: sheol sí timpeall na hAlban agus na hÉireann ach rinne stoirmeacha géara dochar mór di. Briseadh os cionn 24 long ar chósta thiar na hÉireann. As 130 long de chuid na hArmáide briseadh nó bádh timpeall caoga ceann.
Ba í an tsluaíocht seo an comhrac ba mhó sa chogadh neamhfhógraithe idir Shasana agus an Spáinn (1585-1604). Sa bhliain 1589 chuir Sasana sluaíocht den saghas céanna, Sluaíocht Drake-Norris, ar bun ach ní raibh rath uirthi.