Bunreacht Phoblacht na Róimhe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é atá i mbunreacht Phoblacht na Róimhe sraith norm agus gnásanna neamhchódaithe a bhí, in éineacht le roinnt dlíthe scríofa, mar threoir ag rialachas nós imeachta Phoblacht na Róimhe. D’fhás an bunreacht as bunreacht Ríocht na Róimhe agus d’fhorbair sé go substaintiúil agus go suntasach – a mhéid sin nach raibh sé inaitheanta a thuilleadh – thar bheagnach cúig chéad bliain den phoblacht. Mar gheall ar thitim an rialtais phoblachtaigh agus na noirm ag tosú in 133 RCR, tháinig Ágastas agus a principatus chun cinn.
Is féidir an bunreacht poblachtach a roinnt ina thrí phríomhbhrainse:
- na Tionóil, comhdhéanta den phobal, a bhí mar ardstór na cumhachta polaitiúla agus a raibh an t-údarás acu giúistísí a thoghadh, glacadh le dlíthe nó diúltú dóibh, ceartas a riar, agus cogadh nó síochán a fhógairt;
- an Seanad, a thug comhairle do na giúistísí, ag gníomhú dó go príomha trí bhíthin a thionchair féin seachas trí údarás dlíthiúil;
- na giúistísí, tofa ag an bpobal chun an phoblacht a rialú, agus cumhachtaí reiligiúnacha, míleata agus breithiúnacha á bhfeidhmiú acu, agus an ceart acu bheith i gceannas ar na tionóil agus iad a ghairm.
Forbraíodh córas casta srianta agus ceartúchán i measc an trí bhrainse sin. Mar shampla, go teoiriciúil bhí an chumhacht ar fad ag na tionóil, ach b’iad na giúistísí a ghairm agus a rialaigh iad, giúistísí a d’imir tionchar smachtúil orthu toisc go raibh siad in ann an díospóireacht a rialú. Bhí giúistísí eile in ann imeachtaí a chrosadh os comhair na dtionól, cé gurbh annamh a bhí sé sin go dtí an poblacht dhéanach. Ar an dóigh chéanna, chun cumhacht na ngiúistísí a shrianadh, bhí gach giúistís in ann ceann dá gcomhghleacaithe a chrosadh agus thogh na pleibigh treabhainn a d’fhéadfadh idirghabháil a dhéanamh chun gníomhaíochtaí giúistís a chrosadh.
Cé go raibh bunreacht na poblachta somhúnlaithe agus athraitheach, bhí noirm aige mar sin féin a bhí daingnithe go substainteach. D’fhorbair institiúidí amhail na consail, an seanad agus treabhainn go suntasach sa luathphoblacht ach bhí siad measartha seasmhach ón gceathrú haois RCR. Ag tosú ó thréimhse ina raibh an lámh in uachtar ag na paitrígh, le Coinbhleacht na nAicmí, tugadh cearta polaitiúla comhionanna, faoi dheireadh, do shaoránaigh ar phleibigh iad, agus cruthaíodh, ag an am céanna, an treabhannáid chun cumhacht na bpaitríoch a shrianadh agus tugadh údarás reachtach iomlán do thionól na bpleibeach, tionól a bhí comhdhéanta de phleibigh na Róimhe. Ní raibh an bunreacht go hiomlán neamhscríofa ach an oiread toisc gurbh ann do go leor dlíthe ar teastaíodh athruithe nós imeachta ina leith nó lenar athraíodh líon na ngiúistísí a toghadh.
Sa phoblacht dhéanach, chlis ar aontacht na héilíte agus, mar thoradh air sin, ní raibh smacht ar an stát ach ag líon teoranta teaghlach mór le ró laistigh den éilít. De bharr acmhainní na gcúigí agus chultúr an fhoréigin pholaitiúil a bhí ag méadú, ardaíodh an iomaíocht i measc éilít na Róimhe agus, ag an am céanna, lagaíodh na noirm pholaitiúla phoblachtacha lenar coinníodh an aontacht. Le dlisteanú an fhoréigin a bhí ag dul i méid agus toisc go raibh an chumhacht á lárú i níos lú agus níos lú fear, bheadh an Róimh, mar gheall ar chliseadh na muiníne in institiúidí na poblachta, ag dul i dtreo cogadh cathartha agus dhéanfadh Ágastas réimeas uathlathach di, réimeas a bheadh folaithe le híomhánna poblachtacha agus dlisteanacht.