Córas limfeach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is éard is an córas limfeach ann, sna veirteabraigh, ná líonra de seolphíobáin a iomparaíonn leacht soiléir ar a dtugtar limfe. Cuimsíonn sé chomh maith an fíochán limfeach tríd a dtaistealaíonn an limfe.
Fíricí Gasta Sonraí, Laidin ...
Sonraí | |
---|---|
Laidin | systema lymphoideum |
Cuid de | corp an duine, córas imsruthaithe agus córas imdhíonach |
Aitheantóirí | |
MeSH | D008208 |
TA | A13.0.00.000 |
FMA | 74594 : il-aiseach – ordlathach |
Acmhainní seachtracha | |
EB Online | science/lymphatic-system |
Téarmaíocht anatamaíoch |
Dún
Faightear fíochán limfeach i go leor orgáin, go háirithe sna nóid limfe, agus sna céislíní. Clúdaíonn an córas freisin na struchtúir atá tiomnaithe le cúrsaíocht agus le táirgeadh limficítí, lena n-áirítear an liathán, an fhaireog thímis, an smior agus an fíochán limfeach a bhaineann leis an gcóras díleáite.[1] Ba iad Olaus Rudbeck agus Thomas Bartholin, go neamhspleách óna chéile, a rinne cur síos ar an gcóras limfeach.