Ceol traidisiúnta na hÉireann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá an ceol traidisiúnta lárnach do chultúr na hÉireann. Sa teach tábhairne is mó a thionóltar na seisiúin cheoil agus de ghnáth cuirtear fáilte roimh gach aon cheoltóir.
Fíricí Gasta Tír, Gairm ...
Dealbh, Lios Dúin Bhearna | |
Tír | Éire |
---|---|
Gairm | Amhráin a sheinm, damhsa agus canadh |
Dún
Ceol rince, den chuid is mó, is ea ceol traidisiúnta na hÉireann ach sa lá atá inniu ann is minic a sheinntear é don lucht éisteachta amháin - gan rinceoirí ar bith. Tá cineál éagsúla foinn le cloisteáil ach is fearr le ceoltóirí ríleanna agus poirt a sheinm. Is fearr ar féidir leo a gcumas a thaispeáint agus iad ag triall ar na túin siúd.