Ciríll (patrarc Mhoscó)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Easpag Ceartchreidmheach na Rúise is ea Ciríll ( Rúisis: Кирилл, Slavóinis na hEaglaise: Ст҃ѣ́йшїй патрїа́рхъ кѷрі́лъ, ainm tuata Vladimir Mikhailovich Gundyayev, Rúisis: Владимир Михайлович Гундяев). Rinneadh 'Patrarc Mhoscó agus na Rúise uilig' agus 'Príomháidh d' Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise' de, ar 1 Feabhra 2009.
Fíricí Gasta Ainm sa teanga dhúchais, Beathaisnéis ...
Dún
Sular choisriceadh é ina Phatrac, bhí Ciríll ina Ardeaspag Smolensk agus Kaliningrad (níos déanaí ina Ardeaspag Cathrach) ag tosú ar 26 Nollaig 1984, agus ina Chathaoirleach freisin ar Roinn Caidrimh Sheachtrach na hEaglaise de chuid Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise agus ina bhall buan den Sionad Naofa ag tosú ó thús na bliana 1989.