Cogadh ab ea Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe (1861–1865) a cuireadh taobh istigh de Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is gnách "an Tuaisceart" agus "an Deisceart" a thabhairt ar dhá thaobh an chogaidh, sin nó "an tAontas" agus "an Chónaidhm". Is é is bunús leis na hainmneacha seo ná gurbh iad na 23 stát ar thaobh an Tuaiscirt na cinn a chloígh le bunreacht na Stát Aontaithe, agus gur scar an t-aon stát déag eile ón Aontas seo sna blianta 1860-1861 le poblacht fheidearálach nua, mar atá, "Stáit Chónaidhmthe Mheiriceá" nó an Chónaidhm a fhógairt in éineacht.
Cogadh Cathartha na Stát Aontaithe |
|
Dáta: |
12 Aibreán, 1861 – 9 Aibreán, 1865 |
Áit: |
SAM (An deisceart den chuid is mó) |
Toradh: |
Bua ag an tAontas. Toirmeasc ar an sclábhaíocht. Thosaigh Ré na hAtógála. |
Céilí comhraic |
An tAontas (SAM) |
An Chónaidhm |
|
Ceannasaithe |
|
Slua |
|
Taismigh |
Básanna: 360,000. Gortaithe: 275,200. |
Básanna: 260,000. Gortaithe: 137,000+. |
|
Mar is dual do na cogaí cathartha, rinne an cogadh seo an-sléacht ar na Meiriceánaigh ar an dá thaobh, agus ghoin sé an tír go tromchúiseach. Fuair níos mó Meiriceánaigh bás sa chogadh seo ná in aon chogadh eile inar ghlac SAM páirt. B'é Jefferson Davis a bhí i gceannas ar an gCónaidhm, agus Abraham Lincoln ina Uachtarán ar an Tuaisceart.