Cogadh Tríocha Bliain
From Wikipedia, the free encyclopedia
Fearadh an Cogadh Tríocha Bliain san Eoraip idir na blianta 1618 agus 1648. Bhí sé ar ceann de na príomhchogaí sa Nua-aois Luath. Throid teaghlach na Hapsburg (na hImpirí Ferdinand II agus III agus Pilib IV na Spáinne) le namhaid idirnáisiúnta éagsúla, ina measc fórsaí na Fraince, na Sualainne, na Danmhairge agus na hÍsiltíre. Cogadh idirnáisiúnta a bhí ann, ach bhí sé ina chogadh cathartha i measc na nGearmánach féin. Throid prionsachtaí na Gearmáine ar son agus i gcoinne na Hapsburg. D'fhéadfá a rá go raibh sé ina chogadh reiligiúnach idir Caitlicigh agus Protastúnaigh fosta.
Fíricí Gasta European Wars of Religion (en), Cineál ...
European Wars of Religion (en) | |
---|---|
Cineál | cogadh creidimh |
Dáta | 23 Bealtaine 1618 |
Áit | an Eoraip Láir |
Tír | An Impireacht Naofa Rómhánach |
Cúis | Bohemian Revolt (en) |
Rannpháirtithe | an tSualainn, Poblacht na Seacht nDúiche Aontaithe, Ríocht na Fraince, Denmark–Norway (en) , Lands of the Bohemian Crown (en) , Electoral Palatinate (en) , Toghthóireacht na Sacsaine, Brandenburg-Prussia (en) , Diúcacht Brunswick-Lüneburg, Ríocht Shasana, Ríocht na hAlban, Principality of Transylvania (en) , An Impireacht Naofa Rómhánach, Impireacht na Spáinne agus Ríocht na hUngáire |
Dún