Na Crosáidí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cogaí naofa de chuid na Meánaoise a bhí i gceist leis na Crosáidí. Ba Chaitlicigh as iarthar na hEorpa iad formhór na gCrosáidí (go mór mhór ón bhFrainc agus on Impireacht Naofa Rómhánach), ach bhí baill den Eaglais Cheartchreidmheach páirteach ann freisin. Ba iad Moslamaigh an Mheáin-Oirthear an príomhfhreasúra, cé gur troideadh crosáidí i gcoinne fhórsaí eile chomh maith, mar shampla Cearchreidmhigh, eiricigh, págánaigh agus Giúdaigh. Mhair ré na gCrosáidí sa Talamh Naofa ó 1095 go 1291. Fearadh crosáidi eile sa Spáinn agus in oirthear na hEorpa fiú sa 15ú céad.
Bhí oidhreacht na gCrosáidí an-tábhachtach ó thaobh na polaítíochta, na heacnamaíochta agus an tsochaí de, agus tá tionchar na gCrosáidí fós ann. Bhí tionchar mór acu ar stair an Mheáin-Oirthir agus thar na blianta thug na crosáidirí cineálacha nua bia agus éadaigh ar ais leo chun na hEorpa, mar shampla rís, torthaí, rugaí, taipéisí agus spíosraí.