Cros Bhríde
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is beag duine in Éirinn nach bhfaca ceann de na crosa beaga gleoite a dhéantar as giolcacha (luachair), ar a dtugtar Bogha Bhríde, Cros Bhríde, nó crosóg Bhríde.[1][2].[3][4][5]
Is ar Lá Fhéile Bríde a dhéantar iad de ghnáth. Crochtar sa teach iad chun muintir an tí a chosaint ó thinte agus ó olc. Creidtear go gcosnóidh an chros seo muintir an tí go ceann bliana má chrochtar os cionn an dorais í[6]