Drámaíocht Éireannach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Stair na Drámaíochta in Éirinn. I mBaile Átha Cliath a bhí an bhéim ar dhrámadóireacht don chuid is mó in Éirinn le céad bliain anuas, ach tá amharclanna ar fud na tíre.
Tá Amharclann an Gheata, Amharclann na Mainistreach agus agus Amharclann na Péacóige i mBaile Átha Cliath. Is í Amharclann na Mainistreach a bhain amach cáil di féin i gcéadbhlianta an stáit le drámaí John Millington Synge mar "the Playboy of the Western World" agus Sheáin O'Casey mar "the Plough and the Stars." B'iad William Butler Yeats agus Lady Gregory a bhí i mbun bainistíochta ar Amharclann na Mainistreach i dtosach.
Chuir Hilton Edwards agus Mícheál Mac Liammóir Amharclann an Gheata ar bun i 1928, agus taispeánadh réimse mór drámaí le húdair éagsúla Eorpacha ann. I 1924, freisin, a cuireadh Taibhdhearc na Gaillimhe ar bun, agus ba dhrámaí as Gaeilge is mó a bhí á dtaispeáint.