Finnéithe Iáivé
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is sainchreideamh Críostaí é Finnéithe Iáivé a chleachtann córas creidimh sách difriúil ón Chríostaíocht phríomhshrutha.[1] In 2022, thuairiscigh an grúpa go raibh thart ar 8.5 milliún ball ag glacadh páirt sa soiscéalachas, agus gur fhreastail 19.7 milliún duine ar Chuimhneachán bliantúil bhás Chríost.[2] Is grúpa seanóirí i Warwick, Nua-Eabhrac (ar a dtugtar Bord Stiúrtha Finnéithe Iáivé) atá i gceannas ar an sainchreideamh. Is é an bord seo a leagann amach teagasc Finnéithe Iáivé,[3] bunaithe ar an mbrí a bhaineann siad as an mBíobla.[4] Creideann siad gur gearr uainn Harmagadón, is é sin, scrios an chórais dhomhanda atá ann faoi láthair. Creideann siad freisin gurb é bunú Ríocht Dé ar domhan an t-aon réiteach ar na fadhbanna go léir atá roimh an gcine daonna.[5]
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | JW, 耶證, 耶证 agus TJ | ||||
Cineál | sainchreideamh Críostaí | ||||
Foirm dlí | Körperschaft des öffentlichen Rechts | ||||
Foirm dlí | |||||
Téann in áit | International Bible Students (en) | ||||
Dáta a bunaíodh | 1881, Pittsburgh | ||||
Bunaitheoir(í) | Charles Taze Russell | ||||
An Bíobla | |||||
Gníomhaíocht | |||||
Ballraíocht | 8,514,983 (luach anaithnid) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Údarás | Governing Body of Jehovah's Witnesses (en) | ||||
Úinéir de | |||||
Cuid de | Restorationism (en) | ||||
Suíomh gréasáin | jw.org | ||||