Foireann drumaí
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cnaguirlis é foireann drumaí, atá comhdhéanta de dhrumaí, ciombail agus uaireanta cnaguirlisí eile (mar shampla clog bó, bloc adhmaid, clingíní, tambóirín, gangdhruma agus araile), atá eagraithe in aice le chéile do dhrumadóir amháin ina aonar. Buailtear iad le bata druma, nó scuaba agus mailléid chomh maith. I gcás an dord-druma agus an ard-hata, buailtear iad le troitheáin.
Fíricí Gasta Cineál, Aicmiú Hornbostel-Sachs ...
Cineál | cnaguirlis agus sets of double-skin cylindrical drums with single playing heads (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 211.212.21 |
Gairm ealaíonta | drumadóir |
Dún
Is féidir na drumaí agus na ciombail éagsúla a chur le chéile in aon fhormáid, agus breathnaíonn sé ar an saghas ceoil atá i gceist. Mar shampla, i rac-cheol is iad an sreangdhruma agus an dord-druma a úsáidtear chun an buille a chruthú, ach i snagcheol cuirtear an bhéim ar an ard-hata agus an ciombal creatháin.