Gallia Lugdunensis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cúige d'Impireacht na Róimhe ab ea Gallia Lugdunensis (Fraincis: Gaule Lyonnaise) sa Fhrainc na linne seo, a bhí ina chuid de chríoch Cheilteach na nGallach ar a dtugtaí Gallia Celtica tráth. Ainmníodh é i ndiaidh a phríomhchathair Lugdunum (Lyon an lae inniu), b'fhéidir ina cheann de na cathracha Rómánacha is mó, siar ón Iodáil, agus ina mhórmhionta impiriúil. Taobh amuigh de Lugdunum bhí Ara trium Galliarum (Tearmann na Trí Chúige de chuid na Gaille), áit ar bhuail ionadaithe le chéile chun cultas na Róimhe agus Ágastais a cheiliúradh.