Heinrich Böll
scríbhneoir Gearmánach / From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí Heinrich Böll (21 Nollaig 1917 - 16 Iúil 1985) ar dhuine de na scríbhneoirí ba mhó le rá sa Ghearmáin (Thiar) i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 21 Nollaig 1917 Köln, An Ghearmáin |
Bás | 16 Iúil 1985 67 bliana d'aois Langenbroich, An Ghearmáin |
Cathaoirleach PEN International (en) | |
1972 – 1973 ← Pierre Emmanuel (en) – V. S. Pritchett (en) → | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | Eaglais Chaitliceach Rómhánach |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Köln |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Ficsean, scríbhneoireacht chruthaitheach agus phroifisiúnta, drámaíocht raidió agus aistriú |
Gairm | liriceoir, file, úrscéalaí, aistritheoir, scríbhneoir scripte, scríbhneoir |
Ball de | |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Dara Cogadh Domhanda |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Céile | Annemarie Böll |
Páiste | René Böll, Raimund Böll |
Gradam a fuarthas | |
Ainmnithe do
| |
|
Chaith sé blianta an chogaidh sa Wehrmacht, agus bhí saoltaithí an chogaidh agus an Naitsíochais tábhachtach mar théama ina chuid scríbhinní. Rinne sé iarrachtaí gníomhacha an ghoimh a d'fhág an cogadh idir na Gearmánaigh agus na Rúisigh a leigheas, agus dlúthchairdeas idir é agus Lev Kopelev, scríbhneoir Rúiseach a chuir faoi sa Ghearmáin nuair a ruaigeadh as an Aontas Sóivéadach ar chúiseanna polaitiúla é.
Bhí sé ina bhall ghníomhach de ghluaiseacht na síochána freisin. Bronnadh Duais Nobel na Litríochta air sa bhliain 1972. Rinne sé an-obair aistritheoireachta chomh maith, mar shampla chuir sé Gearmáinis ar An tOileánach le Tomás Ó Criomhthain. Chaith sé seal in iarthar na hÉireann sna caogaidí, go príomha in Acaill, agus scríobh sé leabhar faoin tír agus faoi mhuintir na tíre, Irisches Tagebuch. D'aistrigh Seán Sabhaois an leabhar go Gaeilge, mar Dialann as Éirinn.