Iarúbaigh
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is grúpa eitneach Afracach iad na hIarúbaigh. Is í an Iarúibis a bpríomhtheanga. Tá cónaí ar an gcuid is mó de na hIarúbaigh sa Nigéir, ach tá mionlach suntasach Iarúbach le fáil i mBeinín chomh maith. Chuaigh Iarúbaigh ar fud an domhain, áfach, agus teacht ar phobail diaspóra ina lán tíortha, Éire féin san áireamh. Glactar leis go bhfuil dhá scór milliún Iarúbach ann ar fad, a bheag nó a mhór.
Cineál | grúpa eitneach |
---|---|
Daonra iomlán | 47,000,000 |
Teanga | an Iarúibis |
Creideamh | An Chríostaíocht, Ioslam agus Yoruba religion (en) |
Tíreolaíocht | |
Ó dhúchas | Stát Ogun, Ekiti State (en) , Ondo State (en) , Osun State (en) , Oyo State (en) , Lagos, Kwara State (en) agus Kogi State (en) |
Stáit | Beinin, an Nigéir, Tóga, Gána agus Ceanada |
Tá a gcreideamh traidisiúnta Afracach ag na hIarúbaigh, ach tá na heaglaisí éagsúla Críostaí agus Ioslam sách láidir ina measc inniu. Le fírinne tá siad níos éagsúla ó thaobh an reiligiúin de ná an chuid is mó de na grúpaí eitneacha san Afraic. Na hIarúbaigh nach gcloíonn leis an orisha is minic a thugann siad urraim don tseanreiligiún mar rud cultúrtha. Ar na saolta seo tá féilte agus imeachtaí an tseanchreidimh ag tarraingt tuilleadh tinrimh i dtír na nIarúbach.