Stanisław Lem
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bhí an Pólannach Stanisław Herman Lem (Polainnis: [staˈɲiswaf ˈlɛm] (éist);(12 Meán Fómhair 1921 – 27 Márta 2006), ina scríbhneoir ficsin eolaíochta agus aistí ar ábhair éagsúla, lena n - áirítear fealsúnacht, fáistineolaíocht, agus léirmheastóireacht liteartha. Is iomaí scéal ficsin eolaíochta dá chuid atá aorach agus greannmhar. Aistríodh leabhair Lem go níos mó ná 50 teanga agus tá níos mó ná 45 milliún cóip díolta acu.[1] Ar fud an domhain, tá aithne air mar údar an úrscéil Solaris ó 1961. I 1976 scríobh Theodore Sturgeon gurbh é Lem an scríbhneoir ficsean eolaíochta is mó léamh ar domhan.
Is é Lem an t-údar ar an saothar fealsúnach bunúsach " Summa Technologiae ", ina thuar sé cruthú na réaltachta fíorúla agus na hintleachta saorga. Freisin, d'fhorbair sé smaointe na huathéabhlóide daonna, cruthú domhan saorga, agus go leor eile. Scrúdaíonn a shaothair ficsin eolaíochta téamaí fealsúnachta trí thuairimíocht ar theicneolaíocht, nádúr na hintleachta, neamhfhéidearthacht na cumarsáide agus na tuisceana le hintleacht choimhthíoch agus, éadóchas faoi shrianta daonna, agus áit na daonnachta sa chruinne. Clúdaíonn a chuid aistí agus leabhair fealsúnacha iad seo agus go leor ábhar eile.
Bíonn sé deacair a shaothair a aistriú mar gheall ar nuafhocail mionsaothraithe Lem agus imeartas focal nathach.. D’fhógair Parlaimint na Polainne 2021 Bliain Stanisław Lem.[2]