Tír Eoghain
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ríocht Ghaelach na meánaoise, agus níos deireanaí iarlacht i Ríocht na hÉireann, ba ea Tír Eoghain. Suite i lár-iarthar na nUladh a bhí sí, i gcodanna contaetha Tír Eoghain, Ard Mhacha agus Doire an lae inniu. Áit dúchais Cineál Eoghain de chuid Uí Néill an Tuaiscirt a bhí ann. D'imigh cuid éigin soir ó thuaidh as an ríocht faoi cheannas géag de chlann Uí Néill, agus leathadar faoin ainm Clann Aodha Bhuí.
- Baineann an t-alt seo leis an ríocht Ghaelach sna meánaoiseanna; má tá suim agat sa chontae, féach Contae Thír Eoghain.