Túiliam
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an túiliam dúil uimhir a 69, agus is í an tsiombail a sheasann dó ná Tm. Ceann de na lantanóidigh é. Tá sé ar an gceann is teirce de na miotail tearc-chré, amach ón bpróiméitiam, nach mbíonn le fáil sa dúlra ach ar éigean, ós rud é gur dúil radaighníomhach ghearrshaolach é. Fuair an túiliam a ainm ón gceimiceoir Sualannach Per Teodor Cleve a d'aithin ocsaíd an túiliam, túilia, mar shubstaint ar leith sa bhliain 1879. Is é seanainm Chríoch Lochlann, mar atá, Thule, is bunús leis an ainm sin túiliam.
Substaint cheimiceach | dúil cheimiceach |
---|---|
Túiliam sa tábla peiriadach | |
Siombail cheimiceach | Tm |
Uimhir adamhach | 69 |
Mais adamhach | 168.934219 |
Peiriad, Grúpa | lantanóidigh peiread 6 |
Airíonna fisiceacha | |
Dlús | kg/m⁻³ |
Leictridhiúltacht | 1 |
Ga ianach | 1.01, 1.09, 0.88 agus 0.99 |
Stair | |
Aimsitheoir | Per Teodor Cleve |
Fionnachtain | 1879 |
Eapainm | Thule (en) agus Críoch Lochlann |
Cosúil leis na lantanóidigh eile, bíonn túiliam le fáil sa mhonaisít, tearc is uile mar atá sé ansin féin. Sa chineál monaisíte a fhaightear i nDeisceart na Síne, is é céatadán an túiliam d'iomlán na dtearcithreach ná 0.5. (Is é an t-itriam an dúil is coitianta i monaisít na Síne, agus an céatadán timpeall ar 70.)
Miotal bog insínte é an túiliam. Ní imoibríonn sé go réidh leis an aer tirim, ach is scéal eile ar fad é an t-aer fliuch. Mar sin, ba chóir na heiseamail túiliam a chosaint ar an bhfliuchán.
Is é +III an uimhir ocsaídiúcháin is minice a bhíonn ag an túiliam ina chuid comhdhúl, rud nach mbeifeá ag súil lena mhalairt ó lantanóideach. Is iad an trí-ocsaíd dé-thúiliam (an tseisce-ocsaíd, nó an túilia) Tm2O3, na halaiginidí agus an tríhiodrocsaíd na comhdhúile is tábhachtaí. Bíonn comhdhúile dénártha ag an túiliam lena lán dúl: TmN (nítríd túiliam), TmS (suilfíd túiliam), TmGe3 (tríghearmáiníd túiliam) agus eile, agus uimhreacha éagsúla ocsaídiúcháin aige iontu (+II, +III, +IV ar a laghad), ach is é ian túiliam (+III) an t-aon chineál túiliam a bhíonn le haithint sna tuaslagáin uisce.
Níl ach aon iseatóp cobhsaí amháin ag an túiliam, is é sin, túiliam a 169, agus ní bhíonn iseatóip eile ar fáil sa dúlra. Bhí na fisiceoirí in ann a lán iseatóp radaighníomhach a ghineadh ina gcuid saotharlann, ach ní féidir a rá go mbeadh aon cheann acu fadsaolach. Is é túiliam a 170 an raidiseatóp is fadsaolaí, agus é 1.92 bliain ar leathré. Is é an cineál meath radaighníomhach is mó a thagann air ná leictreonghabháil.
Cosúil le lantanóidigh áirithe eile (an hoilmiam agus an t-eirbiam, cuir i gcás) úsáidtear túiliam sna gléasraí léasair.