Teangacha Afra-Áiseacha
From Wikipedia, the free encyclopedia
Grúpa tábhachtach teangacha is ea na teangacha Afra-Áiseacha nó na teangacha Seimíteach-Cheamaiteacha a labhraítear sa Mheán-Oirthear agus i dTuaisceart na hAfraice. Is iad na foghrúpaí tábhachtacha ná:
- na teangacha Seimíteacha, ar nós na hAraibise, na hEabhraise, na hAramaise, na hAmairise, na Tigrinise agus roinnt mhaith teangacha a labhraítí sa Mheán-Oirthear sa tseanársaíocht.
- na teangacha Cúisiteacha, cosúil leis an tSómáilis.
- na teangacha Seadacha, a labhraítear timpeall Loch Sead (Lake Chad) in iarthar na hAfraice. Is í an teanga Hausa an ceann is tábhachtaí acu seo, agus í ina francbhéarla i gcuid mhaith den réigiún.
- na teangacha Beirbreacha. Is iad seo teangacha nó canúintí dúchasacha na bhfánaithe Saháracha. Tá gaol sách dlúth acu le chéile, agus comhthuiscint mhaith eatarthu go minic. Is í an teanga Tamazight, nó teanga na dTuareg, an ceann is cáiliúla acu, ach is í an Taisilhítis (Tachelhit nó Chleuh) an teanga Bheirbreach is mó cainteoirí (labhraítear i ndeisceart Mharacó í).
- an Éigiptis, is é sin, teanga na hÉigipte seanársaí, agus an Choptais, nach bhfuil inti ach an leagan is deireanaí den Éigiptis.
- an teanga Beja.
- na teangacha Ómótacha, a labhraítear in Iardheisceart na hAetóipe. Le fírinne, níl na saineolaithe go léir cinnte, ar chóir na teangacha Ómótacha a aicmiú ar na teangacha Afra-Áiseacha. Tá a leithéid de theanga agus Ongota á labhairt ag cúpla duine in iardheisceart na hAetóipe, agus í ina cnámh spairne ag na teangeolaithe, nó níltear cinnte, ar chóir í a aithint mar cheann de na teangacha Ómótacha, nó mar chraobh inti féin i gcrann ginealais na dteangacha Afra-Áiseacha.
Fíricí Gasta Eapainm, Dáta ...
Eapainm | an Afraic agus An Áise |
---|---|
Dáta | 7 mílaois "RCh" |
Cineál | fine teangacha agus macraifhine |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 270,000,000 |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna | |
Cóid | |
ISO 639-2 | afa |
ISO 639-5 | afa |
Glottolog | afro1255 |
Linguist List | afas |
IETF | afa |
Dún