Éirí Amach na Cásca
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ceannairc i gcoinne fhorlámhas na Breataine ar Éirinn ab ea Éirí Amach na Cásca (nó Éirí Amach 1916, nó Aiséirí na Cásca) ar Luan Cásca, 24 Aibreán 1916. Ghlac na hÓglaigh agus an tArm Cathartha seilbh ar fhoirgnimh thábhachtacha i lár Bhaile Átha Cliath, agus Ardoifig an Phoist i Sráid Uí Chonaill mar cheanncheathrú acu. Ós rud é gur fhoilsigh ceannaire na nÓglach, Eoin Mac Néill, fógráin ar na nuachtáin an tseachtain roimh an gCáisc, agus é ag fógairt "go raibh paráidí na nÓglach ar an gCáisc" curtha ar ceal, níor ghlac ach tuairim is míle duine páirt san Éirí Amach, idir fhir agus mhná. Tháinig ceithre chéad duine le chéile le haghaidh an éirí amach in oirthear na Gaillimhe.
Éirí Amach na Cásca | |||
Forógra na Poblachta, Aibreán 1916 | |||
---|---|---|---|
Dáta: | 24 Aibreán - 30 Aibreán, 1916 | ||
Áit: | Baile Átha Cliath (le "scirmisí" i gCill Dhéagláin, agus i gContae na Gaillimhe, Loch Garman, agus Lú) | ||
Toradh: | Géilleadh na réabhlóidí. Cuireadh na gceannairí chun báis. | ||
Céilí comhraic | |||
| |||
Ceannasaithe | |||
| |||
Slua | |||
| |||
Taismigh | |||
| |||
Léigh ceannaire an Éirí Amach, Pádraig Mac Piarais, amach Forógra na Poblachta ar an tsráid lasmuigh d'Ardoifig an Phoist, agus é ag gairm Poblacht neamhspleách den tír. Cuireadh na mílte saighdiúirí Briotanacha isteach sa chathair. Agus le cabhair ó ghunnaí móra na loinge cogaidh, HMS Helga, ar an Life, cuireadh an tÉirí Amach faoi chois laistigh de sheachtain amháin. Mar sin féin, chuaigh an tÉirí Amach go mór mór i bhfeidhm ar mhuintir na tíre, agus ba mhór an inspioráid é do lucht leanúna an náisiúnachais ar fud na hÉireann. B'é an iarracht ba threise é ó Bhliain na bhFrancach chun na Sasanaigh a dhíbirt as Éirinn.
Ní raibh tacaíocht an phobail ag na hÓglaigh ar dtús. Nuair a bhí na saighdiúirí dearga ag seoladh na nÓglach go dtí an príosún, chonacthas cosmhuintir Bhaile Átha Cliath ag caitheamh anuas orthu agus á milleánú faoin léirscrios a rinneadh ar an gcathair le linn na gcathanna sráide.
Lámhachadh an chuid is mó de na ceannairí faoi dheifir i mí na Bealtaine sa bhliain 1916, agus d'athraigh barúil an phobail i leith an Éirí Amach. Cuireadh na céadta i mbraighdeanas i bhFrongoch sa Bhreatain Bheag, agus chuaigh siad go tapa chun radacachais ansin faoi thionchar na n-imeachtaí agus an chineál cuideachta a bhí acu ansin.
Nuair a tháinig siad abhaile, eagraíodh feachtas polaitiúil a spreag an pobal chun tacaíochta leis an náisiúnachas, agus bhain Sinn Féin, an páirtí ba bháúla leis na hÓglaigh, an tromlach amach in olltoghchán na bliana 1918. Ansin, in áit a gcuid suíochán a ghlacadh i bparlaimint Westminster, tháinig siad sin le chéile chun Dáil Éireann a bhunú agus an Phoblacht a bhí fógartha le linn an Éirí Amach a athbheochan. B'é sin a chuir tús le Cogadh na Saoirse in Éirinn, agus na Sasanaigh ag iarraidh an Dáil a chloí arís.