¡Y tenía corazón! (Anatomía del corazón)
From Wikipedia, the free encyclopedia
Péintéireacht le toisí 177 x 291 ceintiméadar déanta ag Enrique Simonet is ea ¡Y tenía corazón! (Gaeilge:Agus bhí croí aici!), ar a dtugtar freisin Anatomía del corazón nó La autopsia (Gaeilge:Anatamaíocht an chroí nó An uatóipse).
Péinteáladh é sa bhliain 1890, le linn do Simonet fanacht sa Róimh, agus é ag saothrú a chuid staidéir i scoil chónaithe idir 1888 agus 1892, san Academia Española de Bellas Artes de Roma. Ina dhiaidh sin, d'oibrigh sé san Museo de Arte Moderno (nach bhfuil ann anois, mar gur cónascadh é leis an Museo del Prado). Bhronn an Museo del Prado an pictiúr ar an Museo de Bellas Artes de Málaga (an Museo de Málaga mar atá anois ann), ar an 13 Feabhra, 1931, agus d'fhan sé ann ó shin.[1]