Úsáideoir:MALA2009/Stampaí postais na hÉireann
From Wikipedia, the free encyclopedia
Eisíonn oibreoir poist stát neamhspleách na hÉireann stampaí postais na hÉireann. Ba chuid de Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann í Éire nuair a eisíodh céad stampaí postais an domhain sa bhliain 1840. Úsáideadh na stampaí seo, agus na heisiúintí Briotanacha ar fad a tháinig ina ndiaidh, in Éirinn gur ghabh Rialtas nua na hÉireann cumhacht i 1922. Ón 17 Feabhra 1922, forchlódh na stampaí Briotanacha a bhí fós ann le téacs Gaeilge chun leaganacha deifnídeacha a sholáthar go dtí go mbeadh eisiúintí Éireannacha ar leith le fáil. I ndiaidh na bhforchlónna a chur amach, rinne an Roinn nua Poist agus Telegrafa sraith rialta de stampaí deifnídeacha ag úsáid dearaí Éireannacha. Eisíodh na stampaí deifnídeacha seo an 6 Nollaig 1922; bhí an chéad stampa ina stampa 2d ar a raibh léarscáil d’Éirinn (lenar áiríodh Tuaisceart Éireann, a bhí fós ina chuid den Ríocht Aontaithe). Ó shin, tá naoi sraith de stampaí deifnídeacha curtha amach le híomhánna nua, agus le luachanna nua de réir mar a bhí gá leo.
Ba iad seo na príomhstampaí a úsáideadh gach lá. Eisíodh na chéad stampaí comórtha i 1929 agus eisítear a leithéid seo de stampaí anois cúpla uair in aghaidh na bliana. Déanann na stampaí seo cuid mhaith gnéithe de shaol na hÉireann a cheiliúradh, mar shampla imeachtaí agus ócáidí comórtha suntasacha, saol agus cultúr na hÉireann agus cuid mhór daoine Éireannacha. Rinneadh roinnt stampaí deifnídeacha agus comórtha a chur amach i bhfoirm bileoige bige, i leabhráin agus i gcumraíochtaí corna chomh maith le gnáthleagan amach bileoige. Nuair a áirítear dleachtanna postais agus aerphost leis seo tá iomlán eisiúintí an dá údarás sheicheamhacha Éireannacha maidir le heisiúint stampaí i gceist. Baineadh úsáid as dhá chineál dobharmhairc cé gur tháinig na heisiúintí forchlóite le dobharmharcanna na stampaí Briotanacha a sholáthair Oifig Poist na Breataine le haghaidh na bhforchlónna.
Ba í Oifig an Phoist (nó The Irish Post Office mar a thugtar uirthi i mBéarla) rannóg na Roinne Poist agus Telegrafa a d’eisigh na stampaí Éireannacha ar fad go dtí an bhliain 1984. Nuair a roinneadh an Roinn Poist agus Telegrafa ina dhá eagraíocht leathstáit sa bhliain 1984, ghlac An Post le freagrachtaí maidir leis na seirbhísí Éireannacha postais uile, lenar áiríodh eisiúint stampaí postais.