scríbhneoir Fionlannach From Wikipedia, the free encyclopedia
Iriseoir Fionlannach agus scríbhneoir lónléitheoireachta ab ea Aarne Haapakoski, mar a thugadh sé air féin. Rugadh i bPieksämäki ar an 18ú de mhí Márta bhliain 1904 é mar Aarne Laitinen, agus d'éag sé ar an 24ú lá de Mhí Eanáir sa bhliain 1961, i Málaga, sa Spáinn.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 18 Márta 1904 Pieksämäen maalaiskunta, An Fhionlainn |
Bás | 24 Eanáir 1961 56 bliana d'aois Málaga, An Spáinn |
Áit adhlactha | English Cemetery in Malaga (en) |
Faisnéis phearsanta | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir, scríbhneoir ficsean eolaíochta, iriseoir |
Tréimhse oibre | 1931 – |
Ainm cleite | Outsider Halt Denis Victor Mario Charles Snyder Rigor Morton William B. Harrow Antti Rokka Henrik Horna Rautamies |
Teangacha | An Fhionlainnis |
Gradam a fuarthas |
Scríobhadh sé scéalta eachtraíochta faoin ainm cleite Outsider. Chuaigh sé i mbun pinn ag cumadh eachtraí éadroma i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda, nuair a bhí muintir na Fionlainne in ísle brí, agus cheap sé beirt laochra Fionlannacha a bhí in ann teacht slán as dainséir an tsaoil mhóir, mar atá, Pekka Lipponen agus Kalle-Kustaa Korkki.
Fuair an náisiún an chéad aithne ar an mbeirt ar an raidió sa bhliain 1945, agus bhí a gcuid eachtraí á gcraoladh go laethúil go dtí go bhfuair an scríbhneoir bás.
Cé is moite de Lipponen agus Korkki, tá clú ar Haapakoski mar scríbhneoir ficsin eolaíochta. Sna blianta 1947-1948, d'fhoilsigh sé sraith de scéalta faoi eachtraí an róbait Atorox.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.