acadamh eolaíochta From Wikipedia, the free encyclopedia
Is acadamh do lucht léinn na hÉireann é Acadamh Ríoga na hÉireann (Béarla: Royal Irish Academy). Is ag an Acadamh seo atá ceann de na bailiúcháin is mó de lámhscríbhinní Gaeilge ar domhan. Tá litríocht agus timpeallacht na hÉireann mar chúraim faoi leith ag an Acadamh.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | RIA | ||||
Cineál | acadamh na n-eolaíochtaí acadamh náisiúntach eagraíocht neamhbhrabúis | ||||
Stair | |||||
Dáta a bunaíodh | 1785 | ||||
Bunaitheoir(í) | James Caulfeild | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Ball de | International Union of Academies (en) All European Academies (en) InterAcademy Partnership (en) Association of Learned and Professional Society Publishers (en) European Network of Research Integrity (en) Society Publishers' Coalition (en) International Science Council (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Táscaire eacnamaíoch | |||||
Ioncam iomlán | 5,393,234 € (2018) | ||||
Suíomh gréasáin | http://www.ria.ie/ | ||||
D'fhoilsigh an tAcadamh an Dictionary of the Irish Language, faoi eagarthóireacht E.G. Quin, sa bhliain 1984. Cé go bhfuil a leithéid d'ainm ar an bhfoclóir, is iad an tSean- agus an Mheán-Ghaeilge príomhábhair an fhoclóra.
Tá an tAcadamh ag obair ar ollfhoclóir Nua-Ghaeilge, Foclóir na Nua-Ghaeilge (FNG) faoi eagarthóireacht Úna Uí Bheirn, i láthair na huaire.
Foilsíonn an tAcadamh an iris Irish Studies in International Affairs Curtha i gcartlann 2007-06-10 ar an Wayback Machine gach bliain chomh maith. Baineann an foilseachán seo le caidreamh idirnáisiúnta, go háirithe le gnóthaí eachtracha na hÉireann.
Foilsíonn an t-Acadamh Ériu, iris acadúil faoi theanga na Gaeilge.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.