From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é Acta Sanctorum Hiberniae an teideal gairid atá ar leabhar tábhachtach faoi shaol na naomh. Seán Mac Colgáin, Proinsiasach, a scríobh i Lobháin é sa bhliain 1645. An teideal iomlán:
Cineál | saothar liteartha |
---|---|
Cárta innéacs | |
Údar | Seán Mac Colgáin |
Foilseachán | 1645 |
Tréith | |
Seánra | beathaisnéis |
Rugadh Mac Colgáin in Inis Eoghain sa bhliain 1592, agus oirníodh mar shagart é i Lobháin sa bhliain 1618. Tháinig sé i gcomharba ar Aodh Mac an Bháird mar ghairdian (uachtarán) ar Choláiste Naomh Antaine i Lobháin sa bhliain 1635.
Bhailigh sé lear mór cáipéisí le cabhair ó Aodh Mac an Bháird OFM, Stiofán de Faoite SJ agus Micheál Ó Cléirigh OFM. Tar éis mionscrúdú agus scagadh a dhéanamh ar na bhfoinsí ar feadh tríocha bliain, chuir sé Acta Sanctorum Hiberniae i gcló. Níor chuir an leabhar síos ach ar naoimh a raibh baint acu le Mí Eanáir, Mí Feabhra agus Mí Mhárta. Níor éirigh leis an chuid eile den saothar a chur i gcló sular cailleadh é sa bhliain 1658.
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.