From Wikipedia, the free encyclopedia
Tugtar séasúr na hAidbhinte ar an tréimhse ceithre seachtaine díreach roimh Nollaig (na ceithre Dhomhnach roimh an Nollaig). Is tús bliain na hEaglaise an chéad Dhomhnach den Aidbhint in Éirinn. Ciallaíonn an focal ‘Aidbhint’ ‘teacht i ngar (nó "i ndúil")’[1].
Lipéad sa teanga dhúchais | (la) adventus |
---|---|
Cineál | séasúr liotúirgeach |
Cuid de | bliain liotúirgeach agus Christmas and holiday season (en) |
Codanna | |
Seo tús an Bhliain Liotúirgeach Críostaí san Iarthar (ach ní hí an Aidbhint an chéad séasúr den bhliain in Eaglaisí an Oirthir).[2] Is séasúr é a chabhraíonn le Críostaithe ullmhú mar is cóir don Fhéile Mhór.[3] Díríonn an séasúr aigne agus meon an Críostaí ar theacht an Linbh Íosa.
Réitítear fleasc don Aidbhint agus tá nós na fleisce go forleathan ar fud na hEorpa leis na cianta.
Déantar í as cuileann agus duilleoga síorghlas i riocht fáinne. Baineann an fáinne leis an tsíoraíocht toisc nach mbíonn tús ná deireadh leis. Agus seasann an ciorcal do Dhia chom maith, gan tús ná deireadh lena ghrá, lena thrócaire
Léiríonn na duilleoga síorghlasa go mbíonn athnuachan, go bhfuil an bheatha shíoraí i ndán dúinn
Bíonn ceithre coinneal uirthi, ceann do gach seachtain den Aidbhint. Seasann na coinnle don tréimhse feithimh. Bíonn dath corcra ar thrí choinneal, bándearg ar cheann eile agus bán ar an 25 Nollaig. Is deacair slí níos fearr a fháil chun ullmhú cuí a dhéanamh don Nollaig.[4]
Lastar coinneal amháin ar chéad Domhnach na hAidbhinte, dhá cheann ar an dara Domhnach agus mar sin de go mbíonn na ceithre choinneal ar lasadh ar an Domhnach roimh Lá Nollag. Dá bhrí sin faoi mar a bhíonn na seachtainí ag gabháil thart tagann breis solais ó Fhleasc na hAidbhinte go dtí go dtagann an Nollaig féin tráth a lastar Coinneal Mhór Bhán na Nollag i lár na fleisce.
Úsáideann an Eaglais Caitliceach corcairghorm mar dhath na hAidbhinte – dath a sheasann do bheith ag 'amharc romhainn'.
Úsáideann an dath bándearg ag an tríú Comhnach den Aidbhint, le hinsint dúinn go bhfuil an Nollaig ag teacht.
Athraíonn na dátaí gach bliain. I 2012, mar shampla, tosaíodh an Aidbhint ar an 2ú lá de mhí na Nollag, an Chéad Domhnach den Aidbhint. Ach sa bhliain 2011:
27 Mí na Samhna 2011: An Chéad Domhnach den Aidbhint
4 Mí na Nollag 2011: An Dara Domhnach den Aidbhint
11 Mí na Nollag 2011: An Tríú Domhnach den Aidbhint (“Gaudete Sunday”)
18 Mí na Nollag 2011: An Ceathrú Domhnach den Aidbhint
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.