From Wikipedia, the free encyclopedia
Is ailse urchóideach í ailse cheirbheacs.[1] Is é an víreas sineánómach daonna, nó an papalómaivíris daonna, nó VSD (HPV i mBéarla), is cúis leis an ailse, víreas a scaiptear ó dhuine go duine le linn gníomhaíochta gnéis (ní gá gur comhriachtain a bheadh i gceist). Is féidir le fir agus mná araon an víreas a tholgadh.
Cineál | ailse útarach, cervix disease (en) , uterine cervix neoplasm (en) agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | oinceolaíocht |
Pataigineas | |
Cúis ghéiniteach | ZNF804B agus EXOC1 |
Aicmiú | |
ICD-10 | C53.9 agus C53 |
ICD-9 | 180.9 agus 180 |
CIAP | X75 |
Acmhainní seachtracha | |
OMIM | 603956 |
DiseasesDB | 2278 |
MedlinePlus | 000893 |
eMedicine | 253513 agus 402329 |
Orphanet | 213761 |
UMLS CUI | C0007847, C0007873, C4048328 agus C5679805 |
DOID | DOID:4362 |
Tá os cionn 100 cineál VSD ann ach níl ach 13 cinn acu aitheanta mar chúis leis an gcineál seo ailse agus bíonn dhá cheann díobh – cineálacha 16 agus 18 – ina gcúis do 70% de na cásanna. Is féidir gur comhartha don ghalar seo é fuiliú na faighne, ach is minic nach mbíonn airíonna ar bith le haithint roimh fhorbairt na hailse tromchúisí.
Nuair nach bhfuil an ailse ach i dtús a forbartha, is féidir dul i muinín máinliachta le hí a leigheas, eisceadh logánta san áireamh. Níos déanaí i bhforbairt na hailse, beidh ceimiteiripe agus radaiteiripe ag teastáil freisin.
Tá vacsaín i gcoinne an víreas sineánómach daonna (VSD) á hofráil chun girseacha óga a chosaint ar an dá chineál is coitianta den víreas is mó is trúig leis an ailse seo, mar atá, VSD-16 agus VSD-18 (Vacsaín HPV). Tá sé incheaptha go mbeidh vacsaín ann a dhíonfaidh an t-othar ar na cineálacha eile den víreas seo ar féidir leo an ailse seo a tharraingt air.
Úsáidtear smearadh Pap, modh oibre a chéadcheap George Nicolas Papanicolaou, leis an ngalar a aithint go luath rud a ligeann do na cnáimhseoirí é a leigheas le hobráid cuíosach simplí.
Is féidir le hailse cheirbheacs a bheith iontach tromchúiseach. Tá an ráta is airde d’ailse cheirbheacs in Iarthar na hEorpa, in Éirinn. Is í seo an dara cúis bháis is coitianta ó ailse i measc mná san aoisghrúpa 25 - 39 bliain d'aois.[2] Sa bhliain 2015 in Éirinn[3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.