taiscéalaí Francach From Wikipedia, the free encyclopedia
Luibheolaí agus taiscéalaí Francach ab ea Aimé Jacques Alexandre Bonpland, a rugadh mar Aimé Jacques Alexandre Goujaud in La Rochelle na Fraince ar 29 Lúnasa 1773 agus a shíothlaigh ar 11 Bealtaine 1858 in Paso de los Libres nó áit eile in oirthuaisceart na hArgintíne. hOileadh mar dhochtúir sa Fhrainc é. Chuaigh sé go Meicsiceo agus go Meiriceá Theas in éineacht le hAlexander von Humboldt ar lorg eolas faoi ghnéithe éagsúla den dúlra, faoi na plandaí go háirithe. Úsáidtear Bonpl. i litríocht na eolaíochta le cur in iúl plandaí a rinne Bonpland cur síos orthu den chéad uair. Chuir sé faoi san Airgintín sa deireadh agus thosaigh sé a thrádáil i yerba mate.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (fr) Aimé Jacques Alexandre Goujaud 29 Lúnasa 1773 La Rochelle, An Fhrainc |
Bás | 10 Bealtaine 1858 84 bliana d'aois Paso de los Libres, An Airgintín |
Faisnéis phearsanta | |
Ainm cleite | Aimé Bonpland |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ollscoil Pháras |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Luibheolaíocht |
Gairm | dochtúir leighis, taiscéalaí, teirideolaí, luibheolaí, múinteoir ollscoile |
Ball de | |
Teangacha | An Fhraincis |
Saothar | |
Giorrúchán luibheolaíochta | Bonpl. |
Teaghlach | |
Siblín | Michel-Simon Goujaud-Bonpland |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.