An Airméin
From Wikipedia, the free encyclopedia
Tír i Sléibhte Chugais is ea Poblacht na hAirméine (Hayastani Hanrapetut'yun, Հայաստանի Հանրապետություն), agus í ag críochantacht leis an Asarbaiseáin, an tSeoirsia, an Tuirc, agus an Iaráin. Tá cuid den Asarbaiseáin, Nakhichevan, dealaithe ón gcuid eile den tír ag an Airméin.[1]
An Airméin | |||||
---|---|---|---|---|---|
Հայաստան (hy) Հայաստանի Հանրապետություն (hy) | |||||
|
|||||
Aintiún | Mer Hayrenik | ||||
Suíomh | |||||
| |||||
Príomhchathair | Eireaván | ||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,930,450 (2017) | ||||
• Dlús | 98.52 hab./km² | ||||
Déamainm | Airméanach | ||||
Teanga oifigiúil | an Airméinis | ||||
Reiligiún | An Chríostaíocht | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Cuid de | Iarthar na hÁise Oirthear na hEorpa | ||||
Achar dromchla | 29,743.423459 km² | ||||
Pointe is airde | Sliabh Aragats (4,090 m) | ||||
Pointe is ísle | Debed (400 m) | ||||
Ar theorainn le | |||||
Sonraí stairiúla | |||||
Leanann sé/sí | An tAontas Sóivéadach | ||||
Cruthú | 23 Meán Fómhair 1991 | ||||
Eagraíocht pholaitiúil | |||||
Córas rialtais | poblacht, stát aonadach agus córas parlaiminteach | ||||
Comhlacht feidhmiúcháin | Rialtas na hAirméine | ||||
Comhlacht reachtach | Comhthionól Náisiúnta na hAirméine | ||||
• President of Armenia (en) | Armen Sarkissian (2018–2022) | ||||
• Príomh-Aire na hAirméine | Nikol Pashinyan (2018–) | ||||
Eacnamaíocht | |||||
OTI ainmniúil | 13,861,409,969 $ (2021) | ||||
Airgeadra | dram na hAirméine | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Fearann Idirlín barrleibhéil | .am agus .հայ (en) | ||||
Glaochód | +374 | ||||
Uimhir theileafóin éigeandála | 112, 101, 102 agus 103 | ||||
Cód tíre | AM | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | gov.am… | ||||
Is é an t-ainm a thugann na hAirméanaigh féin ar a dtír ná Hayastan (Հայաստան), agus é bunaithe ar ainm an laoich mhiotasaigh a chuir tús leis an tír, Haik nó Hayq. B'iad na comharsana a bhaist an t-ainm Armenia uirthi. Is dócha go raibh treibh láidir Airméanach ann a raibh an t-ainm sin uirthi. Tá Aram coitianta mar ainm Airméanach. D'fhéadfá a shíleadh go raibh taoiseach láidir ann arbh ainm dó Aram, agus gurbh iad lucht leanúna an taoisigh seo a thabhaigh an t-ainm sin don tír ansin.