An Chros
réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí theas / From Wikipedia, the free encyclopedia
Tá an Chros, dá ngairtear go coitianta Cros an Deiscirt nó an Chros Theas, ar an gceann is lú de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha (i gcontrárthacht le Cros an Tuaiscirt), ach tá sí ar cheann de na réaltbhuíonta is cáiliúla freisin. Is é Crux, nó Crux Australis, a thugtar mar ainm Laidine uirthi, rud a chiallaíonn cros, nó cros an deiscirt. Tá réaltbhuíon an Cheinteáir ar thrí thaobh di agus réaltbhuíon na Cuileoige ar an taobh theas di.
Ainm Laidine (IAU) | Crux |
---|---|
Nod | Cru |
Ginideach Laidine | Crucis |
Siombalaíocht | Cros an Deiscirt |
Dronairde | 12 h |
Diallas | −60° |
Achar | 68 céim cearnach Céim 88ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 4 |
Réalta is gile | Becrux (β Cru) (méid 1.25) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +20° agus −90° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Bealtaine an infheictheacht is fearr | |
Tá Acrux (α Cru) ar méid comhtháite 0.87, ach is déréalta í a bhfuil a dhá chomhbhall ar méid 1.3 agus 1.8 faoi seach |
In aghaidh bharúil choitianta na ndaoine, ní os comhair an Bhéir Mhóir atá an Chros. Sa teochrios, áfach, bíonn an dá chuid le chéile le feiceáil sa spéir ag an am céanna i rith mhí Aibreáin is mhí an Mheithimh - an Chros thíos ó dheas agus an Béar Mór thíos ó thuaidh. Is amhlaidh go bhfuil an Chros díreach os comhair Chaiseoipé, agus mar sin de ní féidir an dá chuid le chéile a fheiceáil sa spéir ag an am céanna. Tá an Chros timpholach i leithead 34° ó dheas agus in áiteanna atá níos faide ó dheas ná sin - is é sin le rá, ní théann sí faoi choíche.
Ós rud é go bhfuil réalta theas shoiléir in easnamh ar an leathsféar neamhaí theas (is í Sigma Octantis an réalt is gaire don phol, ach tá sí siúd chomh doiléir sin nach mbíonn aon mhaith inti mar réalta theas), baintear úsáid go coitianta as dhá réalta de chuid na Croise (Alfa agus Gamma, dá ngairtear Acrux agus Gacrux faoi seach) chun an pol neamhaí theas a aimsiú. Ag leanúint den líne idir an dá réalta sin, má chuirtear a fad faoi 4.5 léi bainfear amach an Pol Neamhaí Theas, nó pointe i ngar dó. De rogha air sin, má tharraingítear líne go hingearach idir α Centauri (Toliman nó Rigel Kent) agus β Centauri (Agena), taispeánfaidh an pointe mar a dtrasnóidh an líne seo agus an líne luaite san alt roimhe seo an Pol Neamhaí Theas.
Má bhaintear úsáid as an gCros chun an Pol Neamhaí Theas a aimsiú, bítear cúramach gan an astaireacht dá ngairtear an Chros Bhréige a thógáil in abhraíocht na Croise.