Cumadh an phaidir An Chré (Credo: Laidin) ag Céad Chomhairle Nicé sa bhliain 325 AD. Úsáidtear go forleathain é i ndeasghnátha na hEaglaise Críostaí go dtí an lá atá inniu ann.

Thumb
Íomhá de Chonstaintín I agus easpaig ag Céad Chomhairle Nicé (325), agus ina lámha téacs na Cré sa bhfoirm a tugadh di ag an gCéad Chomhairle i gCathair Chonstaintín (381)

Téacs

Siad na focail as Gaeilge ná:

An Chré
Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a rinne neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin Íosa Críost, Mac Aonghine Dé,
an té a rugadh ón Athair
sula raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor-Dhia ó Fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá de chomhshubstaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na, an cine daonna, agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spioraid Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcros é freisin ar ár son faoi Phontius Píoláit;
d'fhulaing sé páis, agus adhlacadh é.
D'aiséirigh an treas lá de réir mar a d'fhógair na Scrioptúir;
chuaigh suas ar neamh; tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair (agus ón Mac).
Tugtar dó adhrach agus glóir,
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
is é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais, naofa, chaitliceach, aspalda.
adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Amen.

Wikiwand in your browser!

Seamless Wikipedia browsing. On steroids.

Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.

Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.