From Wikipedia, the free encyclopedia
Teanga Astrainéiseach is ea an Ghilbeartais a labhraítear go príomha i gCiribeas. Cuirtear Taetae ni Kiribati uirthi as Gilbeartais.
Cineál | teanga agus teanga bheo |
---|---|
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 116,280 (2010) |
Dúchasach do | Ciribeas |
Stáit | Ciribeas |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Astrál-Téacha teangacha Astrainéiseacha teangacha Malae-Pholainéiseacha teangacha Malae-Pholainéiseacha núicléacha Central-Eastern Malayo-Polynesian (en) Eastern Malayo-Polynesian (en) teangacha Aigéanacha Central–Eastern Oceanic (en) teangacha Micrinéiseacha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Kiribati Language Board (en) |
Cóid | |
ISO 639-2 | gil |
ISO 639-3 | gil |
Glottolog | gilb1244 |
Linguasphere | 39-DAA-aa |
Ethnologue | gil |
ASCL | 9302 |
IETF | gil |
Tá thart ar 125,000 daoine a labhraíonn an Ghilbeartais. Tá cónaí ar 119,000 d'iadsan i gCiribeas, 97.2% den daonra.
Ní hionann is na teangacha eile san Aigeán Ciúin, níl baol do dhíothaithe ag an nGilbeartais. Úsáideann beagnach gach duine a labhraíonn í an teanga gach uile lá. Níl ach 30% de na cainteoirí in ann an Béarla a labhairt. Mar toradh, níl sí i mbaol bheith gafa ag an mBéarla.
Labhraíonn níos ná 96% de mhuintir Chiribeas an teanga. Labhraíonn an chuid is mó de dhaoine ar Nui (Túvalú), ar Oileán Rabi (Fidsí) agus in áiteanna a athlonnaigh muintir Chiribeas chomh maith mar shampla Oileáin Sholomón agus Vanuatú.
Tá dhá phríomhchanúint ag an nGilbeartais, tuaisceartach agus deisceartach. Is é an fuaimniú an phríomhdhrifríocht.
Tá canúint dhifriúil ag na hoileáin Butaritari agus Makin. Tá foclóir agus fuaimniú difriúla aici leis an nGilbeartais chaighdeánach.
Tá 13 chonsan agus 10 ngutaí ag an nGilbeartais.
Déliopach | Rinn an teanga | Coguasach | ||
---|---|---|---|---|
gnáth | coguasach | |||
Srónach | mː ⟨mm⟩ | nː ⟨nn⟩ | ŋː ⟨ngg⟩ | |
m ⟨m⟩ | mˠ ⟨mw⟩ | n ⟨n⟩ | ŋ ⟨ng⟩ | |
Pléascach | p ⟨b⟩ | pˠ ⟨bw⟩ | t ⟨t⟩ | k ⟨k⟩ |
Cnagchonsan | βˠ ⟨w⟩ | ɾ ⟨r⟩ |
Nótaí:
Tosaigh | Cúil | |
---|---|---|
Dúnta | i iː | u uː |
Leathard | e eː | o oː |
Oscailte | a aː |
Nótaí:
Is é Briathar-Cuspóir-Ainmní (VOS) ord na bhfocal.
Is féidir aon ainmfhocal a chruthú tríd an alt cinnte "te" a chur roimh bhriathar nó aidiacht.
Is féidir ainmfhocail a mharcáil do sheilbh (duine agus uimhir). Uaireanta marcáltar an iolracht le guta fada ar an gcéad ghuta.
Marcáltar an inscne trí mmwaane (firinscneach) agus aiine (baininscneach) a chur leis an ainmfhocal.
Is féidir an nascóir "n" a úsáid i gcomhair ainmfhocail daonna.
Is féidir ainmfhocail gníomhaíocha a chruthú leis an mír tia (uatha) nó taan(i) (iolra).
Uatha | Iolra | |
---|---|---|
Ailt | te | taian |
Níl an t-alt 'te' éiginnte nó cinnte; léiríonn sé gur ainmfhocal uatha an chéad focal eile. Go minic, aistrítear é leis an bhfocal "an". Tá an t-alt iolra roghnach mar tá go leor bealaí an iolracht a chur in iúl trí thaispeántaigh, uimhreacha, srl.
Firinscneach | Baininscneach | |
---|---|---|
Ailt pearsanta | te (tem, ten, teng) | nei |
Úsáidtear na hailt pearsanta roimh ainmneacha pearsanta. Is é 'te' an fhoirm fhirinsnceach roimh ainmneacha a thosaíonn le <i, u, w, b', ng>, 'tem' roimh <b, m>, 'ten' roimh <a, e, o, n, r, t> agus 'teng' roimh <k, (ng)>. Is féidir na foirmeacha 'na, nan, nang' a aimsiú i mButaritari agus Makin.
Ainmneach | Cuspóireach | Treise | Ginideach | Iarmhíreanna sealbhacha | ||
---|---|---|---|---|---|---|
1ú duine |
uatha | i, n | -ai | ngai | au | -u |
iolra | ti | -ira | ngaira | ara | -ra | |
2ú duine |
uatha | ko | -ko | ngkoe | am | -m |
iolra | kam | -ngkamii | ngkamii | amii | -mii | |
3ú duine |
uatha | e | -a | ngaia | ana | -na/n |
iolra | a | -ia/i | ngaiia | aia | -ia |
Roimh na 1860óidí, níor scríobhadh an teanga ar pháipéar ariamh. Anois scríobhtar í leis an aibítir Laidineach. Tugadh isteach í nuair a d'aistrigh Hiram Bingham Jr, misinéir Protastúnach, an Bíobla go Gilbeartais. Taispeántar gutaí agus consain fhada trí iad a scríobh faoi dhó, mar a dhéantar as Ísiltíris agus as Fionlainnis.
Litir | A | AA | B | BW | E | EE | I | II | K | M | MM | MW | N | NN | NG | NGG | O | OO | R | T | U | UU | W |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
AIF | /a/ | /aː/ | /p/ | /pˠ/ | /e/ | /eː/ | /i/ | /iː/ | /k/ | /m/ | /mː/ | /mˠ/ | /n/ | /nː/ | /ŋ/ | /ŋː/ | /o/ | /oː/ | /ɾ/ | /t/ | /u/ | /uː/ | /βˠ/ |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.