réaltbhuíon sa leathsféar neamhaí thuaidh From Wikipedia, the free encyclopedia
Is réaltbhuíon thuaisceartach í an Lir. Is ceann de na 48 réaltbhuíon a d'áirigh Tolamaes í, agus is ceann í freisin de na 88 réaltbhuíon nua-aimseartha. Is beag an réaltbhuíon í, ach is furasta í a aimsiú toisc go bhfuil an réalt is gile léi, Vega, ina rinn ar "Thriantán an tSamhraidh", mar a deirtear leis. Is é Lyra, a chiallaíonn "lir", an t-ainm Laidine a thugtar ar an réaltbhuíon seo.
Ainm Laidine (IAU) | Lyra |
---|---|
Nod | Lyr |
Ginideach Laidine | Lyrae |
Siombalaíocht | an lir |
Dronairde | 19 h |
Diallas | 40° |
Achar | 286 céim cearnach Céim 52ú |
Líon na réaltaí (amharcmhéid < 3) | 1 |
Réalta is gile | Vega (α Cyg) (méid 0.03) |
Dreigecheathanna |
|
Réaltbhuíonta ar theorainn leista | |
Infheicthe sna leithid idir +90° agus −40° Sárfheicthe i rith na míosa seo: Lúnasa an infheictheacht is fearr |
Ag tosú ar an taobh ó thuaidh agus ag comhaireamh ar deiseal, seo iad a leanas na réaltbhuíonta atá teorainn ar theorainn leis an Lir: an Dragan, an laoch Gréagach Earcail, an Sionnach agus an Eala.
Seo cúpla réalta gheal de chuid na Lire:
Ar seanléarscáileanna léirítear éan - go háirithe badhbh (Vultur cadens) - ar shuíomh seo na spéire, óir d'ionannaítí an réaltbhuíon seo agus a réaltaí le badhbh fadó Curtha i gcartlann 2005-09-24 ar an Wayback Machine. Mar leis sin, i dteannta réaltbhuíonta eile ar chomhartha stoidiacach an tSaighdeora (is iad sin le rá an Eala, an tIolar agus an Saighdeoir é féin), is amhlaidh go bhfuil baint éigin ag an Lir le bunús mhiotas Éin Stimfealas, ceann de Dhá Shaothar Déag Earcail.
Má chuirtear san áireamh línte comhthreomhara réaltaí doiléire atá i lár báire na réaltbhuíne, tá dealramh lire uirthi, agus dá bharr sin éiríodh as badhbh a thabhairt uirthi agus de réir a chéile tosaíodh lir a thabhairt uirthi ina ionad; ar feadh tamaill is amhlaidh gur ionanníodh í le badhbh agus lir ar iompar aici. Mar lir, ionannaíodh an realtbhuíon seo leis an ngléas ceoil a bhí ag Oirféas agus ar chas sé ceol air a chuir fiú amháin Háidéas faoi dhraíocht; tar éis a bháis, aistríodh an lir i measc na réaltaí.
Glacann réaltbhuíon na Lire páirt thábhachtach sa tríológ K-PAX de chuid Gene Brewer; sna leabhair siúd maíonn othar in ospidéal meabhairghalar i Manhattan gur rugadh ar an bpláinéad K-PAX i réaltbhuíon na Lire é.
Sa chruinne fhicseanúil ar an gclár teilifíse Star Trek, is í Sheliak (ß Lyr) is grianchóras cónaithe an chine eachtrannaigh sin atá ar aon ainm léi; tá drochmheas acu ar an gcine daonna agus ar chiníocha duiniúla eile(Star Trek: The Next Generation: "The Ensigns of Command").
Lyra is ainm freisin do dhuine den dá phríomhcharachtar sa tríológ His Dark Materials de chuid Philip Pullman. Lyra Belacqua is ainm iomlán di, ach aistrítear a sloinne go Silvertongue i rith an tsaothair. Is iníon Asriel Belacqua agus Marisa Coulter í.
Na 48 réaltbhuíon ar chatalóg Tholamaes |
an Abhainn | an Altóir | Andraiméide | an tAoire | an tAra | an Béar Beag | an Béar Mór | an Bodach | Caiseoipé | an Capall Beag | Ceiféas | an Ceinteár | Coróin an Deiscirt | Coróin an Tuaiscirt | an Cupán | an Cúpla | an Deilf | an Dragan | an Eala | Earcail | na hÉisc | an Faolchú | Fear na bPéisteanna | an Gabhar | an Giorria | Iasc an Deiscirt | an tIolar | an Leon | an Lir | an Long | an Madra Beag | an Madra Mór | an Mhaighdean | an Mheá | an Míol Mór | Peigeasas | Peirséas | an Phéist | an Phéist Uisce | an Portán | an Préachán | an Reithe | an Saighdeoir | an tSaighead | an Scairp | an Tarbh | an Triantán | an tUisceadóir |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.