An Ollainnis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Teanga Gearmáinice Iartharach is ea an Ollainnis, nó an Ísiltíris ( Nederlands), agus í á labhairt ag 24 mhilliún duine, a bheag nó a mhór, san Ísiltír, Suranam agus sa Bheilg don chuid is mó. Pléimeannais a thugtar ar chanúint Fhlóndrais sa Bheilg. Is deacair a rá, cé acu teanga ar leith nó canúint Ollainnise atá sa Phléimeannais. Is é an caighdeán céanna a úsáidtear sa dá thír, cé go bhfuil an teanga labhartha an-difriúil sa Bheilg. Labhraítear an Afracáinis san Afraic Theas agus sa Namaib. Teanga í a d'fhorbair as an Ollainnis faoi bhrú theangacha eile an réigiúin - canúint a shaothraítear mar theanga ar leith inniu.
Nederlands, Hollands agus Vlaams | |
---|---|
Eapainm | theodisk (en) agus Na Tíortha faoi Thoinn |
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 23,100,000 (2019) |
Dúchasach do | Cúige Antuairp, Brabant Fhlóndras, Flóndras, Réigiún Fhlóndras, Limburg, Flóndras Thoir, an Ísiltír, An Bhruiséil, French Flanders (en) , Kleve, Brabant Vallúnach agus Hainaut |
Stáit | an Ísiltír, an Bheilg, Suranam, an Fhrainc, an Ghearmáin, Arúba, Oileáin Ísiltíreacha Mhuir Chairib, Curaçao, Ríocht na hÍsiltíre agus Sint Maarten |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Gearmáinice Gearmáinic an Iarthair teangacha Francóiniacha teangacha Francóiniacha Íochtaracha | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach agus Dutch Braille (en) |
Institiúid caighdeánaithe | Dutch Language Union (en) |
Stair | Q15844603 |
Cóid | |
ISO 639-1 | nl |
ISO 639-2 | dut |
ISO 639-3 | nld |
Glottolog | dutc1256 |
Linguasphere | 52-ACB-a |
Ethnologue | nld |
ASCL | 1401 |
Linguist List | nld |
IETF | nl |
Mar oidhreacht choilíneach, tá stádas oifigiúil ag an Ollainnis in Aintillí na hÍsiltíre, in Aruba, agus i Suranam. Is mar theanga iasachta is mó a shaothraítear an Ollainnis sna tíortha seo.
Tá gaol réasúnta dlúth ag an Ollainnis leis an nGearmáinis, go háirithe leis an Íseal-Ghearmáinis, is é sin, canúint thraidisiúnta Thuaisceart na Gearmáine. Tá gramadach na hOllainnise níos simplí ná gramadach na Gearmáinise, áfach, nó tá an difríocht idir an bhaininscneach agus an fhirinscneach beagnach imithe san Ollainnis.
Dutch a thugtar ar an Ollainnis as Béarla, ainm atá an-chosúil le hainm na Gearmáinise sa Ghearmáinis féin - Deutsch. (Is é is bunbhrí leis an bhfocal ná "teanga na cosmhuintire", is é sin, caint na ndaoine - le hí a scaradh ón Laidin, teanga na naomh is na n-ollamh.) Bhí na hOllannaigh ag tabhairt an ainm chéanna - diets nó duutsch - ar a dteanga féin sna Meánaoiseanna, agus le fírinne, níor aithin siad ach de réir a chéile gur dhá theanga éagsúla a bhí i gceist leis an nGearmáinis agus leis an Ollainnis.
Tugtar Sean-Ollainnis ar an gcineál Ollainnise a bhí á labhairt taobh istigh de chríocha na hOllainne agus na Beilge i dtús na Meánaoiseanna. Níl ach iarsmaí scaipthe fágtha den leagan seo den teanga. Ón 12ú go dtí an 16ú haois, bhí leaganacha éagsúla den teanga á scríobh i gcúigí éagsúla, agus iad faoi thionchar na gcanúintí réigiúnda. Thosaigh caighdeánú na teanga sa chúigiú haois déag, agus sa bhliain 1618 a tháinig an chéad Bhíobla amach sa teanga.