An Pholainn i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse na nÓg
From Wikipedia, the free encyclopedia
Ghlac an Pholainn páirt i gComórtas Amhránaíochta Eoraifíse na nÓg don chéad uair sa bhliain 2003. Tháinig an tír san áit deireanach i 2003 agus 2004. D'éirigh siad as an gcomórtas dá bharr. D'fhill an Pholainn sa bhliain 2016, agus sa bhliain 2018, bhuaigh siad an comórtas leis an amhrán Anyone I Want to Be, le Roksana Węgiel.