Stát stairiúil a raibh an-chuid tionchair aige ar stair na hEorpa ar feadh na gcéadta bliain ab ea an Phrúis (Gearmáinis: Preußen) (Polainnis: Prusy). Beirlín an phríomhchathair a bhí aici. Cuireadh tús leis an bPrúis i gceantar beag atá anois i dtuaisceart na Polainne. Prúisigh a bhí ina gcónaí ann agus rinne Gearmánaigh coilíniú ar an gceantar sa tríú haois déag. Chruthaigh na Ridirí Teotónacha stát neamhspleách san áit ina bhfuil coda den Eastóin, den Laitvia agus den Liotuáin anois. Bhí ceannas ag Rí na Polainne orthu ó 1466. I 1525 d'iompaigh ceannaire na Ridirí ina Phrotastúnach agus cruthaíodh Diúcacht na Prúise, an chéad stát Phrotastúnach.
Fíricí Gasta Aintiún, Mana ...
Dún
Bhí tailte na Prúise ar an taobh thoir de bhéal an Vistula ag an am seo. I 1618 fuair Diúc Brandenburg an Phrúis mar oidhreacht, agus laghdaigh cumhacht na Polainne sa cheantar. Faoi cheannas Friedrich Wilhelm méadaíodh tailte na Prúise siar chomh fada le habhainn na Réine.