An Spealadh Mór
From Wikipedia, the free encyclopedia
Cúlú eacnamaíochta ab ea an Spealadh Mór (Béarla: Great Depression) a thosaigh i ndiaidh thuairteáil an stocmhalartáin ar an 29 Deireadh Fómhair 1929, nó ar an Máirt Dhubh, mar a thugtar ar an lá cinniúnach sin freisin.
Cineál | géarchéim eacnamaíochta Cúlú eacnamaíochta tréimhse stairiúil ré |
---|---|
Tréimhse | 29 Deireadh Fómhair 1929 - 1941 |
Tír | an Afganastáin, Impireacht na Breataine, Poblacht Weimar, Troisième République, an tSile, an Ísiltír, an Afraic Theas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá |
Cúis | causes of the Great Depression (en) Cliseadh Wall Street |
Codanna | |
Great Depression in Australia (en) Great Depression in South Africa (en) Great Depression in the Netherlands (en) Great Depression in the United Kingdom (en) an Spealadh Mór sna Stáit Aontaithe Great Depression in India (en) Great Depression in Latin America (en) Great Depression in Chile (en) Great Depression in France (en) Great Depression in Canada (en) Great Depression in Central Europe (en) Shōwa Depression (en) | |
Más sna Stáit Aontaithe a thosaigh an Spealadh Mór, ní raibh an cúlú eacnamaíochta seo i bhfad á leathadh go dtí an Eoraip. Rinne an Spealadh Mór an-dochar do na tíortha tionsclaíochta chomh maith leis na tíortha tearcfhorbartha a bhí beo ar easpórtáil na n-amhábhar. Chuaigh an tráchtáil idirnáisiúnta go mór mór ar gcúl, chomh maith le hioncam na ndaoine aonair agus an stáit, leis na praghsanna agus le brabús na ngnólachtaí. Bhí na cathracha ar fud an domhain thíos leis an gcúlú, go háirithe má bhí a muintir i dtuilleamaí na tromthionsclaíochta le haghaidh ioncaim. Tháinig deireadh leis na hoibreacha tógála ina lán tíortha. Rinneadh damáiste nár bheag don fheirmeoireacht agus do na ceantair thuaithe fosta, nuair a thit praghsanna na mbarraí síos go 40-60%.
B'iad na mianadóirí agus lucht leagtha na gcrann ba mhó a d'fhulaing, áfach, ó bhí an t-éileamh ar a gcuid táirgí ag cúlú go sciobtha, agus iad ar beagán roghanna eile fostaíochta. Bhí sé difriúil i dtíortha éagsúla an uair a tháinig deireadh leis an Spealadh. An chuid ba mhó de na tíortha, chuir siad scéimeanna rilífe i bhfeidhm, agus is iomaí tír ina raibh na cúrsaí polaitíochta ag dul chun géireadais, agus na páirtithe antoisceacha ar chlé agus ar dheis ag éirí níos láidre ná roimhe sin. Bhí an daonlathas thíos leis an bhforbairt seo, agus tháinig deachtóireachtaí ar an bhfód in áiteanna.