An tAntrasc
ionfhabhtú baictéar / From Wikipedia, the free encyclopedia
Galar géar tobann dainséarach é an t-antrasc a bhuaileann idir dhaoine agus ainmhithe. Is é an baictéar úd Bacillus anthracis is cúis leis. Tá vacsaíní maithe ann leis an antrasc a chosc roimh ré, agus is féidir tréithchineálacha áirithe a chloí le hantaibheathaigh, ach tríd is tríd, is galar tromchúiseach é ar fearr gan é a tholgadh. Cosúil lena lán baictéar eile den ghéineas úd Bacillus, is féidir leis an antrasc spóir shuanacha a dhéanamh a mhaireann na scórtha bliain ag fanacht lena ndeis, ach nuair a thiocfaidh siad i dteagmháil le horgánach an duine nó an ainmhí, músclóidh siad arís, agus iad ag clannú leo go tiubh téirimeach. Is féidir leo teacht isteach tríd an análú nó trí chneácha oscailte, nó as feoil an ainmhí ionfhabhtaithe. De ghnáth, análaíonn na luibhiteoirí isteach iad, agus ansin, tolgann na feoiliteoirí an galar nuair a itheann siad feoil na luibhiteoirí.