An tSlóvaicis
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í an tSlóvaicis an teanga Shlavach a labhraítear sa tSlóvaic agus i measc lucht imirce ón tSlóvaic sna tíortha eile, go háirithe i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Ar fud an domhain, tá sí ag sé mhilliún de dhaoine ó dhúchas. Is í an tSeicis an teanga is gaolmhaire léi, agus an dá theanga sách intuigthe ag cainteoirí na teanga eile acu. Mar sin féin, tá caighdeán scríofa agus litríocht dá gcuid féin ag na Slóvacaigh, agus difríochtaí suntasacha ag baint leis an gcóras díochlaonta.
slovenčina agus slovenský jazyk | |
---|---|
Cineál | teanga agus teanga bheo |
Úsáid | |
Cainteoirí dúchais | 6,000,000 |
Dúchasach do | Borsod-Abaúj-Zemplén County (en) , Zala County (en) , Bratislava Region (en) agus an tSlóvaic |
Stáit | an Ungáir, an tSeirbia, an tSlóvaic, an Rómáin agus an Úcráin |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Bailt-Slavacha teangacha Slavacha teangacha Slavacha iartharacha Czech–Slovak languages (en) | |
Tréithe | |
Córas scríbhneoireachta | aibítir Laidineach |
Institiúid caighdeánaithe | Jazykovedný ústav Ľudovíta Štúra |
Staidéar ag | Slovak studies (en) |
Leibhéal leochaileachta | 1 sábháilte |
Cóid | |
ISO 639-1 | sk |
ISO 639-2 | slk |
ISO 639-3 | slk |
Glottolog | slov1269 |
Linguasphere | 53-AAA-db |
Ethnologue | slk |
ASCL | 3603 |
IETF | sk |
An duine nach bhfuil Slóvaicis aige, nuair a chaithfidh sé súil ar théacs sa teanga, is é an rud is mó a chuirfidh iontas air ná an oiread focal nach bhfuil guta ar bith iontu: smrť ("bás"), blb ("amadán") agus a leithéid. Tá mórán focal ann a bhfuil guta amháin iontu freisin, mar shampla: štvrtok ("Déardaoin"). Is é an míniú ná go mbaintear úsáid an ghuta as an l agus as an r sa tSlóvaicis go minic, agus iad ag iompar an tsiolla mar a bheadh gutaí iontu.
Úsáidtear an síneadh fada sa tSlóvaicis leis na gutaí fada a aithint thar na gutaí gairide. D'fheicfeá an síneadh fada os cionn an r ná an l, toisc go nglactar leo mar ghutaí sa teanga. Is é sin le rá, baintear úsáid as na litreacha speisialta seo: á, ä, č, ď, é, í, ľ, ĺ, ň, ó, ô, ŕ, š, ť, ú, ý, ž. Agus seo iad litreacha na haibítre go léir: a, á, ä, b, c, č, d, ď, e, é, f, g, h, i, í, j, k, l, ľ, ĺ, m, n, ň, o, ó, ô, p, (q), r, ŕ, s, š, t, ť, u, ú, v, (w), (x), y, ý, z.
Tabhair faoi deara nach n-úsáidtear na litreacha Seiceacha ř agus ů sa tSlóvaicis ar aon nós!