From Wikipedia, the free encyclopedia
Is é an t-aigéad 2-aicéitiolocsaibeansóch, ar a dtugtar an trádainm aspairín, an tsubstaint ghníomhach i go leor cógas a bhfuil airíonna anailgéiseacha, friteochtaithe agus frith-athlastacha acu.
Spriocghalar | hipirteirme, pian, athlasadh, airtríteas réamatóideach, oistéairtríteas, ruaig gúta, fiabhras réamatach, ionfharchtadh miócairdiach géar, galar croí, fibriliú aitriamach agus siondróm corónach géarmhíochaine |
---|---|
Sonraí cliniciúla | |
Ainm trádála | aspairín |
MedlinePlus | a682878 |
Riosca le linn toirchis | Australian pregnancy category C (en) agus US pregnancy category C (en) |
Bealach | riarachán béil |
Grúpa cógaseolaíochta | comhdhúil cheimiceach |
Cód ATC | A01AD05, B01AC06 agus N02BA01 |
Meán-dáileog marfach | 167, 340, 681, 495, 700, 1,075, 3,500, 1,750, 250, 200, 1,010, 790 agus 1,020 |
Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha | |
Foirmle | C9H8O4 |
Mais mhóilíneach | 180.042 Da |
Dlús | 1.35 g/cm³ |
Leáphointe | 135 °C, 275 °F agus 138 °C |
Tuaslagthacht in uisce | 0.003 g/L |
Aitheantóirí | |
Uimhir CAS | 50-78-2 |
PubChem (SID) | 2244 |
IUPHAR/BPS | 4139 |
DrugBank | DB00945 |
ChemSpider | 2157 |
UNII | R16CO5Y76E |
KEGG | D00109 agus C01405 |
ChEBI | 15365 |
ChEMBL | CHEMBL25 |
PDB liogann ID | AIN |
ECHA | 100.000.059 |
Tá an t-aspairín éifeachtach mar chóireáil ar chuid mhaith cineálacha mionphéine (tinneas cinn, míostrú, néarailge), athlasadh (mar shampla, i ngalar réamatóideach) agus fiabhras.
Baineadh feidhm as coirt na sailí is plandaí áirithe eile leis na céadta bliain mar leigheas ar fhiabhras creathach. Is é an comhábhar gníomhach sa choirt seo ná salaicin, réamhtheachtaire ceimiceach aspairín.
Shintéisigh an ceimicí Gearmánach Felix Hoffman (1868-1946), ag obair sa chomhlacht cógaisíochta Bayer, aspairín den chéad uair, ar 10 Lúnasa 1897 i Leverkusen. Ansin comhdaigh bainisteoir Hoffman, an cógaseolaí Gearmánach Heinrich Dreser (1860-1924), an phaitinn ar 6 Márta 1899, agus tugadh Aspirin air den chéad uair.
Tarlaíonn na hiarmhairtí leighis mar gheall ar a cumas sintéisiú prostaglaindiní (ceimiceáin atá gníomhach go bitheolaíoch, a fhaightear ar fud na colainne) a chosc. Fo-iarmhairt a fhéadfaidh a bheith ar ionghabháil iomarcach aspairín is ea cur fola gastrach.
Cuireann an t-aspairín bac ar théachtadh na fola, agus ceapadh sna 2000idí go gcabhróidh sí le tarlú trombóise corónaí is ceirbrí a laghdú. Ach is gá aire a thabhairt.[1]
Ceapadh go raibh ról ag an aspairín i gcosc na hailse colaireictí dóibh siúd a ghlacann dáileog 75mg sa lá, ach is cosúil, leis, nach gcuireann sé le fad saoil an dreama sin a bhfuil ailse cholareicteach orthu cheana féin tar éis don diagnóis tarlú.[2][3]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.