From Wikipedia, the free encyclopedia
Dream Gaelach i nÉirinn na luathmheánaoise ba ea na hUaithni, lonnaithe in oirthuaisceart Chontae Luimnigh agus Contae Thiobraid Árann in aice leis. Bhí sean-nós acu go raibh siad tráth ina gcónaí taobh thiar den tSionainn.
Tá a n-ainm fréamhaithe ón bPrótai-Cheiltis *Autēniī.[1] Samhlaíodh iad gur na hAuteini (Αύτεινοι) iad, luaite le Tolamaes ina shaothar, Geografaíocht, ina n-insítear go raibh siad ina gcónaí i gContae na Gaillimhe.[2]
Tá dhá ghéag na nUaithni atá ar eolas fúthu: Uaithni Cliach, ar aon dul le barúntacht Uaithne agus Ara i Luimneach; agus Uaithni Tíre, ar aon dul le barúntacht Uaithne Bhig i dTiobraid Árann. Feictear na hiontrálacha a leanas i nAnnála na gCeithre Máistrí.[3]
# | Meán-Ghaeilge | Gaeilge |
---|---|---|
M914.11 | Ainle, mac Catháin, tighearna Uaithne Cliach, do bhásughadh lá Gallaibh Locha Dá Chaoch | Ainle mac Catháin, tiarna Uaithne Cliach, do básadh ag Gaill Locha Dá Chaoch |
M949.14 | Dubh Da Bharc, mac Maoil Mordha, tighearna Uaithne Tíre, do écc. | Dubh Dá Bharc mac Maoil Mhórdha, tarna Uaithne Tire, d'éag |
M1080.9 | Eochaidh Ua Loingsigh, tigherna Uaithne Thíre, d'ég. | Eochaidh Ó Loingsigh, tiarna Uaithne Tire, d'éag |
M1107.3 | Cuilen Ua Cathalain, tigherna Uaithne Cliach, d'écc. | Cuilean Ó Cathaláin, tiarna Uaithne Cliach, d'éag |
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.