Béiriút
From Wikipedia, the free encyclopedia
Is í Béiriút (Araibis: بيروت, traslitriú: Bayrūt) príomhchathair agus príomhphort na Liobáine, agus is í an chathair is mó sa tír. Tá cónaí ar 1.2 milliún daoine sa chathair agus 2.1 milliún sa chúlchríoch.
Béiriút | |||||
---|---|---|---|---|---|
بيروت (ar) | |||||
Suíomh | |||||
| |||||
Stát ceannasach | an Liobáin | ||||
Governorate of Lebanon (en) | Beirut Governorate (en) | ||||
Príomhchathair de | |||||
Daonra | |||||
Iomlán | 2,421,354 (2023) | ||||
• Dlús | 121,067.7 hab./km² | ||||
Tíreolaíocht | |||||
Achar dromchla | 20,000,000 m² | ||||
Suite i nó in aice le limistéar uisce | An Mheánmhuir | ||||
Airde | 0 m | ||||
Sonraí stairiúla | |||||
Eachtra thábhachtach | |||||
Éarlamh | Naomh Seoirse | ||||
Aitheantóir tuairisciúil | |||||
Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Glaochód | 01 | ||||
Eile | |||||
Suíomh gréasáin | beirut.gov.lb |
Bhí Béiriút ar na hionaid chultúrtha agus tráchtála ba thábhachtaí sa Mheánoirthear ó lár na 19ú haois i leith. Sa bhliain 1866 chuir misinéirí Meiriceánacha an Coláiste Protastúnach Siriach ar bun sa chathair agus é ar na chéad institiúidí ardléinn ar mhúnla Iartharach sa réigiún; mar fhreagair air sin d'oscail na hÍosánaigh Ollscoil San Iósaf sa bhliain 1875. Ó na 1920idí i leith tháinig preas beoga as Araibis agus Fraincis araon chun cinn sa chathair. Ionad tábhachtach don fhoilsitheoireacht as Araibis ab í Béiriút freisin, go háirithe i ndiaidh na 1950idí nuair a tháinig deachtóireachtaí chun cumhachta i dtíortha eile sa réigiún. Bhí tionscnamh baincéireachta an Mheánoirthir lonnaithe don chuid is mó i mBéiriút go dtí na 1970idí.
Ní hamháin muintir na Liobáine ó dhúchas a chuir le daonra na cathrach ach dhá ghluaiseacht mhór teifeach fosta: na hAirméanaigh a theith ó shléachtanna na nOtamánach sa bhliain 1915 agus a chuir faoi i dtuaisceart na cathrach, ag Burj Hammoud, agus na Palaistínigh a díbríodh óna n-áiteanna dúchais nuair a bunaíodh Stát Iosrael sa bhliain 1948 agus a chuir faoi i roinnt campaí ar a n-áiríodh Burj al-Barajneh, Karantina, Tell az-Zaatar, Sabra agus Chatila.
D'imir Cogadh Cathartha na Liobáine scrios ar chuid mhaith de Bhéiriút. Sa chogadh sin throid mílístí Críostaí i gcoinne mílístí Moslamacha agus fórsaí armtha Palaistíneacha; ghlac an tSiria agus Iosrael páirt sa chogadh fosta. D'éirigh leis na fórsaí Críostaí smacht a chur ar oirthear na cathrach, agus bhí na Palaistínigh agus fórsaí an Ghluaiseachta Náisiúnaigh Liobánaigh i gceannas ar an taobh ó thiar. Scriosadh an chuid ba mhó de shean-lár na cathrach, a bhí suite ar an bhfronta idir an dá leath. Mhair an cogadh ó 1975 go 1990. Tosaíodh ar atógáil na cathrach ina dhiaidh, le hairgead an bhilliúnaí Rafik Hariri, a bhí ina phríomhaire freisin. Sa phróiseas sin, leagadh a raibh fágtha de sheanfhoirgintí chroílár Bhéiriút agus bhí conspóid ann maidir leis an bhealach a cúitíodh na hiar-áitritheoirí.
D'fhulaing an chathair ruathair bhuamála Iosraelacha i mí Iúil agus i mí Lúnasa 2006 agus iad siúd ag iarraidh an ruaig a chur ar fhórsaí Hisbollah i ndeisceart na Liobáine. Rinneadh ionsaí ar aerfort Rafik Hariri ar an 13ú Iúil agus dúnadh é go deireadh na comhraice.