BTS
grúpa hip hop na Cóiré / From Wikipedia, the free encyclopedia
Banna buachaillí ón gCóiré Theas is ea BTS (Hangul: 방탄소년단; RR: Bangtan Sonyeondan). Tá seachtar ball ann. Cuireadh an grúpa ar bun in Seoul sa bhliain 2013. Cruthaíodh Beyond the Scene mar siarainm dóibh i mí Iúil 2017. Scríobhann agus cumann an seachtar roinnt mhaith dá gcuid ceoil. Ar dtús bhí a gcuid ceoil fréamhaithe in hip hop ach anois baineann BTS úsáid as réimse stíleanna ceoil níos leithne. Bíonn a dtuairimí ar an sochaí agus ar a tharlaíonn ina saol féin le brath ina gcuid liricí go minic. Pléann siad téamaí mar an tsláinte meabhrach, buairimh na hóige, agus cailliúintí pearsanta.
Fíricí Gasta Ainmnithe in ómós, Sonraí ...
Dún