Binse Fiosraithe um Ábhair Phleanála agus Íocaíochtaí Áirithe
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bunaíodh an Binse Fiosraithe um Ábhair Phleanála agus Íocaíochtaí Áirithe chun cúrsaí pleanála i mBaile Átha Cliath sna 1990idí a fhiosrú. Bhunaigh an Dáil an Binse sin sa bhliain 1997; thosaigh imeachtaí an Bhinse ar 4 Samhain 1997; agus tháinig tuarascáil eatramhach amach sa bhliain 2002. D’eisigh sé a chúigiú tuarascáil, arb í a thuarascáil deiridh í, ar 22 Márta 2012.[1][2]
Cineál | fiosrúchán poiblí |
---|---|
Bailíocht | 1997 - |
Tréimhse | 4 Samhain 1997 - 22 Márta 2012 |
Tír | Éire |
Ba chúis leis | éirí as Parthalán Ó hEachthairn |
Breitheamh | Alan Mahon (en) agus Mary Faherty (en) |
Suíomh gréasáin | planningtribunal.ie |
Is é an breitheamh Alan Mahon a bhí i gceannas ar an mBinse ón bhliain 2000 ar aghaidh agus is é Binse Fiosraithe Mahon a thugtar air go hiondúil (nó Binse Mahon).
Tháinig an Breitheamh Mahon i gcomharbacht ar an mbreitheamh Feargus Flood, nuair a d'éirigh Flood as sa bhliain 2000 (chuaigh sé ar scor). Tugadh Binse Fiosraithe Flood air i rith an tréimhse Flood (nó Binse Flood).