Is banna rac-cheoil as Birmingham, Sasana é Black Sabbath. Ba iad Tony Iommi (giotár), Geezer Butler (dordghiotár), Bill Ward (drumaí) agus Ozzy Osbourne (príomhamhránaí) a thosaigh an banna sa bhliain 1968, agus ó shin i leith is iomaí athrú atá ar na baill ann, rud a fhágann go bhfuil oiread is beirt iarbhall fichead acu go nuige seo. Agus iad ina mbanna gormacha/rac-cheoil throm darbh ainm Earth ar dtús, thosaigh an banna ag cur isteach liricí a fuair a n-ionsparáid san uafás agus san asarlaíocht ina gcuid amhráin, mar aon leis na giotáir a thiúineáil síos. D'athraigh siad an t-ainm go Black Sabbath agus d'fhoilsigh siad iliomad ceirníní órga is platanaim sna 1970idí.
Agus iad ar cheann de na bannaí trom-mhiotail is mó tionchair ar fad, chabhraigh Black Sabbath leis an seánra a shainmhíniú le foilsúcháin ar nós Paranoid sa bhliain 1970 atá ina albam platanaim faoi cheathair. Tá os cionn 100 milliún albam díolta ag Black Sabbath ar fud na cruinne, agus tá siad rangaithe ag uimhir a haon ar an gcairt Greatest Metal Bands de chuid MTV. Briseadh Ozzy Osbourne as an mbanna i 1979, agus cé gur ghlac iar-amhránaí RainbowRonnie James Dio a áit, bheadh neart ball eile sa bhanna amach ansin sna 1980aidí agus sna 1990aidí, a raibh amhránaithe ar nós Ian Gillan, Glenn Hughes, Ray Gillen agus Tony Martin ina measc.
1970 Black Sabbath (Iommi, Osbourne, Butler, Ward)
1970 Paranoid (Iommi, Osbourne, Butler, Ward)
1971 Master of Reality (Iommi, Osbourne, Butler, Ward)
1972 Black Sabbath, Vol. 4 (Iommi, Osbourne, Butler, Ward)
2002 Symptom of the Universe: The Original Black Sabbath 1970-1978 (Iommi, Osbourne, Butler, Ward)
2004 Black Box: The Complete Original Black Sabbath (1970-1978) (Iommi, Osbourne, Butler, Ward)
2006 Greatest Hits 1970–1978
2007 Black Sabbath: The Dio Years
2007 Live at Hammersmith Odeon
2008 The Rules of Hell
2009 Greatest Hits
2013 Live... Gathered in Their Masses
2013 13
Is síol é an t-alt seo.Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.
Wikiwand in your browser!
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.