Bliain Nua na Síneach
From Wikipedia, the free encyclopedia
Bíonn Bliain Nua na Síneach, nó Athbhliain na Síneach (nó fiú "Athbhliain na Gealaí"[1]) á ceiliúradh i gcaitheamh mhí Eanáir nó Feabhra.[2] Is ceiliúradh ar theacht an Earraigh agus tús le saol úr atá i gceist leis.
Fíricí Gasta Cineál, Comóireann sé ...
Cineál | ócáid bhliantúil |
---|---|
Comóireann sé | Lunar/Lunisolar New Year (en) |
Cuid de | An Athbhliain |
Lá | Lunar/Lunisolar New Year's Day (en) |
Dún
Is é an fhéile is mó sa bhliain ag muintir na Síne ach déantar é a cheiliúradh taobh amuigh den Sín chomh maith.[3] Maireann an fhéile ar feadh 15 lá go hoifigiúil, ach uaireanta leanann an ceiliúradh ar aghaidh ar feadh daichead lá. Bíonn a lán féastaí ann agus tugann daoine cuairt ar ghaolta. Bíonn tinte ealaíne, neart spraoi agus spóirt sa tSín agus ar fud na cruinne.
Bíonn ainmhí luaite le gach bliain ar an bhféilire Síneach. Tá 12 ainmhí ann agus athraíonn an t-ainmhí gach bliain.