From Wikipedia, the free encyclopedia
Is galar tógálach víreasach í M-bholgach (nó bolgach moncaí),[1] a thagann ar ainmhithe áirithe, daoine san áireamh.[2]
Cineál | galar víreasach tógálach, galar tógálach Poxviridae, zónóis agus galar |
---|---|
Speisialtacht leighis | galair thógálacha |
Cóireáil chliniciúil | |
Comharthaí | spuaic, fiabhras, tinneas cinn, miailge, scornach nimhneach, liomfadanapaite agus tochas |
Scrúduithe | scrúdú fisiciúil, micreascóp solais, leictreonmhicreascóp agus imoibriú slabhrúil polaiméaráise |
Cógais | |
Pataigineas | |
Tarchur pataigineach | tras-seoladh aeriompartha, contact transmission (en) , ionfhabhtú braoiníneach agus fomite transmission (en) |
Cúis | Monkeypox virus |
Aicmiú | |
ICD-10 | B04 |
ICD-9 | 059.01 |
CIAP | A76 |
Acmhainní seachtracha | |
eMedicine | 1134714 |
MeSH | D045908 |
UMLS CUI | C0276180 |
DOID | DOID:3292 |
Is iad fiabhras, tinneas cinn, pianta matáin, nóid limfe atá, agus tuirse na comharthaí is luaithe.[3] Ina dhiaidh sin tagann gríos ar an othar ar a dtagann spuaiceanna agus gearb.[3] Deich lá an tréimhse is tipiciúla ó theagmháil go tús na gcomharthaí.[3] De ghnáth maireann na comharthaí idir dhá agus ceithre seachtaine.[3]
Tá ráta báis ard ann ach tá vacsaín ar fáil.
Is iad fiabhras, tinneas cinn, pianta matáin, at sna nóid limfe, agus tuirse na comharthaí is luaithe.[4] Bíonn an galar cosúil leis an deilgneach, an bhruitíneach agus an bholgach Dé ar an taobh amuigh ar tús, ach aithnítear an M-bholgach ar at suntasach na bhfaireog.[4] De ghnáth bíonn sé seo le feiceáil in aice leis an gcluas agus leis an bhfód, sa mhuineál, nó sa bhléin roimh thús an ghrís.[5]
Tar éis cúpla lá fiabhrais, is gnách go bhfeictear loit ar an aghaidh sula dtagann siad ar áiteanna eile, na lámha agus na cosa mar shampla.[4] Is minic a thagann loit ar na bosa, ar na boinn, sa bhéal, ar na giniúna agus sna súile freisin.[4] D'fhéadfadh an duine atá buailte fanacht tinn idir dhá agus ceithre seachtaine.[3]
Tagann an víreas isteach sa chorp trí chraiceann briste (fiú mura bhfuil sé le feiceáil), nó na seicní múcasacha (súile, srón nó béal) don chuid is mó. Ceaptar go scaiptear ó dhuine go duine é trí dhlúth-theagmháil le duine ionfhabhtaithe.
Is féidir M-bholgach a tharchur ó ainmhí go duine tarlú trí ghreim nó scríobadh, ullmhú feola fiáine, teagmháil dhíreach le sreabháin choirp nó fíochán loit, nó teagmháil indíreach le fíochán loit, trí leapachas éillithe mar shampla.[6]
Sa bhliain 1958 a aithníodh an M-bholgach den chéad uair, i measc mhoncaí saotharlainne i gCóbanhávan na Danmhairge.[7] Ní stór nádúrtha an víris iad moncaithe.[8] Thángthas ar na chéad chásanna i ndaoine in 1970 i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó.[7]
Is féidir M-bholgach a mheas mar ghalar eindéimeach i dtíortha áirithe san Afraic; rianaíodh ráig sna Stáit Aontaithe in 2003 ar ais go siopa peataí inar díoladh creimirí a iompórtáladh ó Ghána.[9]
Idir Bealtaine-Iúil 2022, bhí 16,000 cás dearbhaithe ar fud an domhain.[10] Thosaigh an ráig seo sa Ríocht Aontaithe i mí na Bealtaine 2022, agus tharla an líon is mó cásanna san Eoraip sa Bhreatain. Bhí formhór de na cásanna deimhnithe sa phobal homaighnéasach.[11]
Dhearbhaigh an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú gur taifeadadh cúpla céad cás den M-bholgach faoi Bhealtaine 2022, taobh amuigh de thíortha ina bhfuil an víreas eindéimeach. B'shin é an chéad uair a tuairiscíodh cásanna den ghalar san Eoraip nach raibh aon nasc eipidéimeolaíochta acu le hiarthar nó lár na hAfraice.[12] Bhí cás amháin ar a laghad den M-bholgach taifeadta i mbreis agus dosaen tír nach mbeadh aon tsúil leis an ngalar, ar tíortha Eorpacha a bhformhór. Deimhníodh cásanna i Meiriceá Thuaidh, chomh maith leis an Astráil agus Iosrael.[13][14]
Bhí an chéad chás den M-bholgach in Éirinn taifeadta sa Tuaisceart ar 26 Bealtaine 2022.[12]
Ar 27 Iúil 20222, dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly go raibh 70 cás de bholgach an mhoncaí atá sa Stát agus go raibh vacsaíní breise á soláthar.[10]
Seamless Wikipedia browsing. On steroids.
Every time you click a link to Wikipedia, Wiktionary or Wikiquote in your browser's search results, it will show the modern Wikiwand interface.
Wikiwand extension is a five stars, simple, with minimum permission required to keep your browsing private, safe and transparent.